Bhí Madonna an-tinn … bhí faitíos ar a teaghlach ‘go dtarlódh an rud ba mheasa’

Tá faitíos ann go raibh sepsis ag Madonna tar éis di a bheith tugtha go dtí an t-aonad dianchúraim (ICU) agus deir a cairde go bhféadfadh go dtógfaidh sé míonna uirthi téarnamh (to recover).

Tar éis don eolas a bheith faighte gur chaith Madonna roinnt ama san ICU, tá a cairde ag diúltú tuilleadh sonraí a thabhairt ar cad ba chúis leis a bheith san ospidéal.

Mar sin féin, tá tuairimíocht ann anois go bhféadfadh sé a bheith de bharr sepsis – imoibriú (reaction) bagrach don bheatha ar ionfhabhtú.

Madonna
Madonna

Cé go bhfuil an t-amhránaí ar ais ina teach anois agus i riocht seasmhach , tá eagla ar chairde go mbeidh uirthi seachtainí, nó b’fhéidir míonna, a chaitheamh ag teacht chucu féin ón tráma.

Dúirt foinse amháin leis an Irish Daily Mail: ‘Ar feadh tamaill bhig bhí fíor-imní ann.

‘Bhí fanacht fada ann sula bhfuair na dochtúirí amach cad ba chúis leis an bhfadhb.

‘Mar sin féin, a luaithe a d’aithin siad é, cuireadh ar a suaimhneas dúinn go n-oibreodh an chóireáil (treatment).’

D’inis duine den teaghlach go raibh faitíos orthu go bhfaigheadh sí fáil bás.

Dúirt an gaol le Mail Online: ‘Le cúpla lá anuas, ní raibh a fhios ag aon duine cén treo a raibh sé seo le dul, agus bhí a teaghlach ag ullmhú don rud is measa.’

SCÉAL EILE: Mac ag an supermodel Naomi Campbell ag aois 53 bliain

Dhearbhaigh dlúthchara Madonna Rosie O’Donnell, óstach seó comhrá (chat show) agus aisteoir a raibh le Madonna sa scannán A League Of Their Own i 1992, go raibh Madonna ag éirigh níos fearr.

Scríobh sí ar a leathanach Instagram féin: ‘Tá sí ag mothú go maith.’

Tá sé ráite ag foinsí i bhfoireann Madonna go bhfuil cleachtaí á reáchtáil aici dá ‘Celebration Tour’ atá níos tábhachtach di ná ‘aon rud eile’.

Tá an chamchuairt chun 40 bliain mar réalta amhránaíochta a cheiliúradh

Tá foinsí lánchinnte nár ghlac Madonna le comharthaí rabhaidh maidir lena sláinte mar gheall ar dhiongbháilteacht seó gan sárú a thabhairt dá lucht leanúna.

Deir foinse amháin faoina laethanta a chaith sí ag Coliseum Nassau, láthair cheolchoirm faoi dhíon 80km óna hárasán i Nua-Eabhrac: ‘She was giving it all.

‘Má tá Madonna ag iarraidh rud éigin a dhéanamh, déanann sí cinnte go ndéanann sí é i gceart. Sin a chéad riail.

‘Theastaigh uaithi buíochas a ghabháil lena lucht leanúna as a dtacaíocht le 40 bliain anuas – agus cé go bhfuil rún daingean aici gan scor, b’fhéidir gurbh é an uair dheireanach a bhfeicfeadh cuid acu í a fheiceáil.’


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram