Agus tá sé ráite ag cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí (PAC) go bhfuil ceannairí RTÉ ag caitheamh Ms Forbes faoin mbus.
Labhair siad amach tar éis ráiteas nua ó RTÉ a dúirt go raibh Ms Forbes freagrach as an socrú ‘rúnda’ ar íocaíochtaí Tubridy.
Tá ceannairí RTÉ ag dul os comhair Choiste Meán an Oireachtais Dé Céadaoin agus os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí (PAC) Déardaoin chun ceisteanna a fhreagairt faoin gconspóid.
Ina theannta sin, i ráiteas a foilsíodh inné, dúirt Leas-Ard-Stiúrthóir RTÉ, Adrian Lynch, ‘nach raibh an fhaisnéis riachtanach ar fad ag ball ar bith den bhord feidhmiúcháin seachas Ms Forbes chun a thuiscint go bhféadfadh na figiúirí a fógraíodh go poiblí do Ryan Tubridy a bheith mícheart’.
Dúradh sa ráiteas, áfach, nach raibh baint ag Ms Forbes leis an ráiteas agus go mb’fhéidir go mbeadh tuairim eile aici.
D’éirigh sí as a post mar Ard-Stiúrthóir RTÉ Dé Luain, coicís sula raibh sí chun bogadh ar aghaidh ar aon nós.
Dhiúltaigh sí láithriú os comhair ceachtar coiste Dála freisin, ag lua drochshláinte.
Anois dúirt cathaoirleach Choiste na Meán Niamh Smyth, TD the chuid Fhianna Fáil, nach ghlacfar le aon iarrachtaí an milleán ar fad a chur ar Ms Forbes agus gan ceisteanna a iomlán a fhreagairt.
Agus dúirt cathaoirleach PAC, Brian Stanley ó Shinn Féin, go raibh Ms Forbes ‘caite faoi bhus’.
Dúirt sé nach bhféadfadh sí suimeanna móra airgid a aistriú thart gan daoine eile a bheith ar an eolas faoi.
Foilsíodh roinnt sonraí inné freisin faoi athbhreithniú seachtrach (external review) a rinne Grant Thornton ar an gcomhaontú íocaíochta. Áiríodh orthu:
• Cuireadh íocaíochtaí le Tubridy síos mar ‘tháillí comhairleachta (consultancy fees)’ – ach níor léirigh sé sin ‘substaint na n-idirbheart (transaction)’;
• Bhí an comhaontú le feidhmiú ó 2020 go dtí 2025 ar €75,000 sa bhliain;
• Ní raibh ainm Tubridy ar na sonraisc (invoices) ná ar ráitis chuntais babhtála;
• Ní raibh aon éagóir déanta ag Tubridy;
• Déantar cur síos sa ráiteas cuntais bhabhtála (barter account) ar gach íocaíocht mar ‘tháille comhaontaithe (fee agreed) ag an Ard-Stiúrthóir’;
•Ba í Ms Forbes an té a d'aontaigh leis an mbeart a ráthaíonn na híocaíochtaí seo;
• Rinne RTÉ ‘a bhrú siar’ ar dtús gan an €75,000 bliantúil a ráthú.
Dúirt Ms Smyth inné: ‘Bhí neart deiseanna ag an bhfeidhmeannas a fháil amach cad é go díreach a chuaigh ar aghaidh agus mar sin sílim go bhfuil ionchas réasúnta uaim féin agus ó chomhaltaí an choiste gur cheart dúinn freagraí iomlána ceart a fháil uathu.
‘Tá siad ag an leibhéal is airde de RTÉ.’
Tá sí ag iarraidh orthu ‘ceisteanna a fhreagairt go mion’.
Tá cuireadh tugtha ag an gcoiste do an tUasal Adrian Lynch; Geraldine O’Leary, ceannaire tráchtála; Rory Coveney, ceann straitéise; Richard Collins, ceannaire airgeadais; Jim Jennings, stiúrthóir ábhair (director of content); Anne O’Leary, cathaoirleach an choiste iniúchta agus riosca (audit and risk committee); agus cathaoirleach bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh.
Dúirt TD de chuid Shinn Féin Imelda Munster, atá ar an dá choiste, gur léirigh an ráiteas ó RTÉ go raibh triúr ball den fheidhmeannas ar an eolas faoi chomhaontú Tubridy agus mar sin gur cheart go mbeadh siad in ann ceisteanna a fhreagairt.
Dúirt sí: ‘Ba mhaith linn a fháil amach cé a thionscain an comhaontú, cé a d’aontaigh leis agus conas nár tháinig sé chun solais le beagnach sé bliana nuair a bhí iniúchtaí rialta ar siúl?’
Chinntigh an comhaontú conspóideach, a rinneadh in 2020, €75,000 sa bhliain do Tubridy thar chúig bliana.
Tuigtear gur cuireadh deireadh leis i ndiaidh chinneadh Tubridy éirí as an Late Late Show.
Marcáladh idirbhearta (transactions) sa chuntas babhtála mar ‘tháillí comhairliúcháin (consutancy fees)’.
Dúirt gníomhaire Tubridy, san athbhreithniú, gurbh é RTÉ a thug treoir dó cur síos a dhéanamh ar na híocaíochtaí mar sin.
‘Fuarthas treoir ó RTÉ maidir le cé chuige agus cén áit a raibh na sonraisc le seoladh, an tagairt VAT agus an tuairisc,’ a deir an tuarascáil.
Ní dhearna athbhreithniú Grant Thornton aon chinneadh faoi éagóir ar thaobh Tubridy maidir le íocaíochtaí a rinne RTÉ.
Rinneadh an comhaontú, a rinneadh in 2020, ag am a raibh RTÉ ag gearradh pá chun déileáil lena gcuid fadhbanna airgeadais tromchúiseacha leanúnacha.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.