Scéim nua ‘tithe ar phraghas réasúnta’ ar phraghas €4,000 sa mhí

28/06/2023

Tá scéim nua ‘tithe ar phraghas réasúnta’ i Ráth Maonais (Rathmines) i mBaile Átha Cliath ina ábhar imní mar go gcosnóidh áiteanna cónaithe ann suas le €4,000 in aghaidh na míosa ar chíos.

Is forbairt nua tithíochta le naoi n-aonad ag Eaglais na hÉireann é an Coram Deo Project i nGairdíní Purser.

Tá sé tógtha in ionad an fhoirgnimh chónaithe atá leagtha anois in Eaglais na Tríonóide Naofa (Holy Trinity Church).

Agus an áit chónaithe nua imithe beo ar Daft.ie, tá go leor daoine i bponc faoin bpraghsanna.

Tá aonaid á dtairiscint ar €2,600 in aghaidh na míosa le haghaidh árasán le seomra amháin leapa nó €4,000 in aghaidh na míosa ar árasán le dhá sheomra leapa.

Tithe sa Coram Deo Project
Tithe sa Coram Deo Project

‘Cabhróidh an fhorbairt nua le dul i ngleic leis an nganntanas sa stoc tithe ar phraghas réasúnta, trí mheascán de thithe baile agus árasáin chomhaimseartha a chur ar cíos,’ a dúirt Eaglais na hÉireann ar a suíomh Gréasáin Coram Deo.

Labhair reachtaire (rector) Eaglais na Tríonóide Naofa, an tUrramach (Reverend) Rob Jones leis an Irish Times maidir leis na neamhréireachtaí (discrepancies) praghais.

Dúirt sé go bhfuil an bloc cúil, ina bhfuil na sé árasán agus na ‘duplexes’, go bunúsach ag maoiniú an bhloc ina bhfuil an reachtaire, teach an curáideach  (curate) agus an teach baile cúig sheomra leapa.

Dúirt sé go bhfuil an bloc tosaigh dírithe ar áiteanna cónaithe a thabhairt do suas le 15 duine, lena n-áirítear oibrithe paróiste, daoine áitiúla agus roinnt dídeanaithe ón Úcráin.

Coram Deo 6 1168x681 1
Coram Deo Project

‘Íocfaidh an taobh tráchtála as an taobh eile ach tabharfaidh sé ioncam dúinne mar pharóiste freisin,’ a dúirt an tUrr Jones.

‘Nuair a deirim nach bhfuil sé faoi thiomáint tráchtála amháin, táimid ag cur ár bpobal ar an suíomh sin, chun cónaí ann, chun freastal ar an gceantar agus go bunúsach tá an bloc cúil ag íoc as an mbloc tosaigh agus as ministreacht na heaglaise, atá ann ó 1828 i leith.

‘Sílim go bhfuil sé éagórach má deir daoine go bhfuil muid ag léim ar an “bandwagon”.

‘Nílimid i ndáiríre, is carthanacht muid, táimid ag déanamh ár ndícheall agus táimid ag iarraidh go n-oibreoidh sé seo i ndáiríre agus ní reitric amháin é sin.

‘Mura gcuirimid na hárasáin sin ar cíos, ní bheidh muid ann mar charthanacht,’ a dúirt sé.


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram