Tá ráiteas eisithe anois ag RTÉ faoi íocaíochtaí Ryan Tubridy idir 2020 agus 2022.
Deir an ráiteas gurb é Stiúrthóir Tráchtála RTÉ a rinne an socrú faoi threoir an iar-Ard-Stiúrthóir Dee Forbes.
Dúradh sa ráiteas freisin nach raibh aon rud mídhleathach sna híocaíochtaí i bhfolach (hidden payments) leis an t-iar-láithreoir an Late Late Show Tubridy.
Foilsíodh an ráiteas naoi leathanach, déanach tráthnóna Dé Máirt, agus ann bhí téacs ó athbhreithniú Grant Thornton ar íocaíochtaí Tubridy a d’eascair an chonspóid seo.
Deir ráiteas RTÉ freisin nach raibh an t-eolas riachtanach ag ball ar bith de Bhord Feidhmiúcháin RTÉ, seachas an tArd-Stiúrthóir, chun go mbeadh tuiscint acu go bhféadfadh go raibh na figiúirí a fógraíodh go poiblí faoi Tubridy mícheart.
Ní raibh baint ag Dee Forbes, áfach, le dréachtú an ráitis seo de chuid RTÉ agus ní raibh deis aici a tuiscint féin ar imeachtaí a chur i láthair sa ráiteas.
I rannóg dar teideal ‘Freagracht’, is cosúil go bhfuil an ráiteas ag cur an mhilleáin ar Ms Forbes.
Is é an Stiúrthóir Tráchtála a shocraigh an ‘Comhaontú Trípháirteach’ idir an comhpháirtí tráchtála (commercial partner), an Gníomhaire (Agent) agus RTÉ faoi threoir an Ard-Stiúrthóra.
‘Bhí an socrú faoi réir coinníoll (condition), ag teacht ón chomhpháirtí tráchtála, go mbeadh sé neodrach ó thaobh costais don chomhpháirtí tráchtála.
SCÉAL EILE: Cuireann RTÉ fiosrúchán 15 bliana ar bun ar phá na réaltaí ar fad ó 2008 i leith
‘Cé go raibh sé fós mar dhréacht (draft), cheadaigh (approved) an tArd-Stiúrthóir an socrú. Ar deireadh cuireadh i bhfeidhm é trí nóta creidmheasa, arna eisiúint ar threoir ón Ard-Stiúrthóir.
‘D’aontaigh an tArd-Stiúrthóir ó bhéal (‘via video meeting’) téarmaí an tsocraithe tráchtála a fhrithghealladh (underwrite).
‘Bhí an tArd-Stiúrthóir, beirt ionadaithe ón nGníomhaire agus aturnae RTÉ i láthair ag an gcruinniú seo. Bhí an ghné dheireanach seo á lorg ag an nGníomhaire le linn na caibidlíochta agus bhí brú suntasach ar ais ó RTÉ.’
Tagann ráiteas RTÉ go gairid tar éis gur deimhníodh nach mbeidh Ms Forbes ag freastal ar choistí Oireachtais an tseachtain seo mar gheall ar chúiseanna sláinte.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.