Tá grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine scothaosta (elderly) ag éileamh anois ar an Rialtas a gheallúint go n-ardófaí an pinsean (pension) de €53 sa tseachtain a chomhlíonadh.
Tá gealltanas tugtha ag an Rialtas ráta pinsin stáit de 34% den mheántuilleamh (average earnings) a thabhairt isteach, tá siad ag rá.
Tá an Pension Promise Campaign á chur chun cinn ag an gceardchumann Siptu agus ag grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine scothaosta.
Deir siad go bhfuil gealltanas sa Roadmap for Pension Reform 2018–2023 d’íocaíocht pinsin ranníocach stáit (contributory pension) nach lú ná 34% den mheántuilleamh (average earnings).
Deir siad freisin go bhfuil an tagarmharc (benchmark) seo curtha in iúl ag an Rialtas arís agus arís eile mar an íocaíocht íosta leordhóthanach (minimum adequate payment) don phinsean ranníocach stáit.
Is é ráta seachtainiúil an phinsin stáit ná €265.30 ar a mhéad, is é sin díreach 28% den mheántuilleamh.
Deir an feachtas: ‘Titeann sé seo €53 in aghaidh na seachtaine níos lú ná gealltanas an Rialtais de 34% (€318 in aghaidh na seachtaine) agus teipeann air a ghealltanas pinsin leordhóthanach (adequate) a sholáthar.’
Tá baint ag Siptu, mar aon le Comhairle Náisiúnta na mBan (National Womens Council of Ireland), Age Action, Active Retirement Ireland agus baill den Senior Citizen’s Parliament leis an ‘Pension Promise Campaign’.
Tá ardú €30 sa tseachtain á éileamh ar an gcéad bhuiséad eile mar phointe tosaigh ag Age Action.
Dúirt Nat O’Connor, atá ina shaineolaí sinsearach um ghnóthaí poiblí agus polasaí, go dtabharfadh sé seo cumhacht ceannaigh an phinsin stáit ar ais go dtí leibhéil 2020.
Dúirt Leas-Ard-Rúnaí Siptu, Ethel Buckley: ‘Tá na mílte duine scothaosta nach bhfuil in ann a gcuid billí tí a íoc.
‘Níl sé seo inghlactha i dtír chomh saibhir le hÉirinn agus ní sheasfaidh Siptu don éagóir seo,’ a sí.
Dúirt Orla O’Connor, Stiúrthóir Chomhairle Náisiúnta na mBan, go bhfuil an córas pinsin stáit ríthábhachtach do mhná atá ag brath níos mó air ná fir.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.