Micheál Martin faoi bhrú ó Theachtaí Dála mór le rá i bhFianna Fáil

Tá roinnt Teachtaí Dála agus seanadóirí mór le rá de chuid Fhianna Fáil ag cur brú ar a gceannaire Micheál Martin le haghaidh tuilleadh daonlathais laistigh den pháirtí.

Inseoidh siad dó anois go bhfuil siad ag iarraidh leascheannaire a thoghadh, in ionad ceann a bheith roghnaithe ag ceannaireacht an pháirtí.

Tuigtear gur labhair James O’Connor, Barry Cowen, John McGuinness, Jim O’Callaghan agus Lisa Chambers ag tacú leis an meon sin ag cruinniú an pháirtí parlaiminte.

Agus tá TDeanna ag cur ceisteanna arís faoi cén treo atá an páirtí ag dul.

Micheál Martin
Micheál Martin Pic: Sasko LazarovRollingNews.ie

Scríobh TD Laoise-Uíbh Fhailí, Barry Cowen, chuig a chomhghleacaithe ag rá go gcaithfidh Fianna Fáil fiafraí an bhfuil sé ‘fit for purpose’.

D’ardaigh an Seanadóir Malcolm Byrne ceist leascheannaire don pháirtí ag cruinniú parlaiminte na seachtaine seo.

Tá Fianna Fáil gan leas-cheannaire ó cuireadh iallach ar Dara Calleary éirí as an ról, chomh maith lena phost mar aire talmhaíochta tar éis scannal Golfgate.

Ar Déardaoin, dúirt an tUasal Martin: ‘Rachaidh mé i gcomhairle le roinnt comhaltaí agus glacfaidh mé é sin in am trátha.’

Dúirt foinse ag an gcruinniú go raibh tacaíocht don smaoineamh agus go n-ardófaí arís é ag an gcéad chruinniú eile.

Dúirt an fhoinse: ‘Sin ceist atá á cur ag daoine eile.

‘Tá siad ag iarraidh duine a fheiceáil ceaptha, agus b’fhearr leis an bpáirtí parlaiminte féin duine a thoghadh.

‘Sílim gurb é sin atá ag teacht as an bplé a tharla ó bhí an cruinniú ann.

Barry Cowen 90603065
Barry Cowen

‘Déanann páirtithe eile é ar an mbealach sin, toghtar an ceannaire, mar sin mothaítear gur féidir leis an leas-cheannaire a ainm a chur chun tosaigh agus a bheith tofa.’

Dúirt an fhoinse freisin: ‘Rinne páirtithe san am atá caite a gcuid gnó ar an mbealach seo agus ba mhaith le go leor de na comhaltaí nua den pháirtí parlaiminte an daonlathas a fheiceáil i mbun gníomhaíochta i gcomhthéacs na ceannaireachta, agus leas-cheannaireacht sa chás seo.’

Tuigtear gur labhair James O’Connor, Barry Cowen, John McGuinness, Jim O’Callaghan agus Lisa Chambers ag tacú le tairiscint an Uasail Byrne ag cruinniú an pháirtí parlaiminte.

Dúirt an tUasal Byrne go dteastaíonn leascheannaire uaidh maidir le toghcháin atá le teacht agus le ‘pleanáil straitéiseach fhadtéarmach’.

‘Tá go leor oibre polasaí an-mhaith á déanamh sa pháirtí ach tá sé á déanamh i bpócaí agus ní mór é a thabhairt le chéile,’ a dúirt sé.

Dúirt an tUasal Byrne fiú mura bhfuil leascheannaire ann go bhfuil gá le duine éigin a cheapadh le bheith i gceannas ar an bpáirtí sna toghcháin atá le teacht.

Dúirt sé go bhfuil ‘go leor le déánamh’ ag an Uasal Martin mar cheannaire an pháirtí, mar Thánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta.


Spread the word/ Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram