Tá Taylor Swift ag teacht go hÉirinn an samhradh seo chugainn le haghaidh dhá cheolchoirm agus is féidir le daoine clárú le haghaidh ticéid anois, agus go dtí Dé hAoine, 23 Meitheamh, ag 11.59pm trí Ticketmaster. Ach ní féidir iad a cheannach go dtí 13 Iúil ag 10am.
Mar chuid den turas móréilimh The Eras, cuirfidh sí seónna ar siúl ag Staid Aviva Dé hAoine, 28 Meitheamh agus Dé Sathairn, 29 Meitheamh 2024.
Is ar Dé Máirt, d’fhógair an réalta go mbeidh 50 ceolchoirm aici, idir Lúnasa 2023 agus 2024, ar chúig mhór-roinn (five continents).
Imreoidh sí i Meicsiceo, san Airgintín, sa Bhrasaíl, sa tSeapáin, san Astráil, i Singeapór, ar fud na hEorpa agus ar ndóigh i mBaile Átha Cliath.
Cuirfear tús leis an gcuid den Bhreatain agus an Eoraip ar an 9 Bealtaine 2024 i bPáras agus críochnóidh sé ar 17 Lúnasa 2024 i Londain.
Agus í ag caint ar Twitter chun na seónna a fhógairt, dúirt sí: “Gabh mo leithscéal, TÁ RUD LE RÁ AGAM. Ní féidir liom fanacht go bhfeicfidh mé an oiread sin agaibh ar The Eras Tour an bhliain seo chugainn ag na dátaí nua idirnáisiúnta seo!”
Tá an Eras Tour, a chlúdaíonn deich n-albam Swift, molta go mór ag lucht leanúna agus léirmheastóirí.
Beidh ticéid do na seónna ar díol ar an Déardaoin, 13 Iúil ag 10am, ach is féidir le lucht leanúna clárú le haghaidh ticéid anois go dtí Dé hAoine, 23 Meitheamh, ag 11.59pm trí Ticketmaster.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Gaillimh go brách! An craic le seó Tubridy ar an mbóthar
Tá eolas ar shuíomh Gréasáin Swift. Beidh rochtain ag lucht leanúna cláraithe a fhaigheann cód uathúil den chéad uair chun ticéid a cheannach an mhí seo chugainn.
Beidh sé seo ar an gcéad seó Éireannach do Swift ó 2018 nuair a bhí sí i bPáirc an Chrócaigh.
Shroich a halbam is déanaí, Midnights, uimhir a haon in Éirinn agus bhí amhráin mar Anti-Hero, Karma agus Lavender Haze ar.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.