Tá sé ráite ag Elton John go bhfuil an fhreagairt (reaction) ar an gcaidreamh a bhí ag Phillip Schofield le comhghleacaí níos óige ‘go hiomlán homafóbach’.
In agallamh leis an Radio Times sa Bhreatain, dúirt an t-amhránaí, atá 76 bliain d’aois, nach mbeadh an clúdach diúltach sin tarraingthe ag caidreamh heitrighnéasach (heterosexual) le bearna aoise den chineál céanna.
Roinn Elton a chuid tuairimí agus é ag plé stádas cearta agus daoine aonair LGBT+ i Meiriceá, rud a chuir sé i gcomparáid leis an gcaoi ar chaith daoine le Schofield, iar-láithreoir This Morning ar ITV.
‘Bhuel, tá sé ar fad ag dul “pear-shaped” i Meiriceá. Tá foréigean, dlíthe achtaithe i Florida, atá náireach,’ a dúirt sé.
‘Tá dlí ann anois, má thugann tú cuairt ar dhochtúir i bhFlorida, gur féidir leo diúltú cóir leighis a chur ort má tá tú aerach, rud atá dochreidte dar liom.
‘Is cosúil go bhfuil muid ag dul ar gcúl. Agus leathnaíonn sé sin. Is cosúil le víreas é atá an ghluaiseacht LGBTQ+ ag fulaingt leis.’
Dúirt sé: ‘Ní maith liom é ar chor ar bith. Is mó fearg agus homafóibe atá ag dul i méid ar fud Mheiriceá.
‘Níl a fhios agam an bhfuil sé thart ar an mBreatain mar ní raibh mé ann chomh mór sin. Ach is dóigh liom go bhfuil an rud faoi Phillip Schofield go hiomlán homafóbach.
‘Dá mba dhuine heitrighnéasach é agus é ag dul le bean óg, ní bheadh sé sna páipéir fiú.’
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Gaillimh go brách! An craic le seó Tubridy ar an mbóthar
D’éirigh Schofield as ITV an mhí seo caite agus scaoil a ghníomhaireacht tallainne YMU é tar éis dó a admháil go raibh baint aige le fear níos óige ar This Morning.
Dúirt an feachtasóir um chearta LGBT+, Peter Tatchell, go raibh ‘níos mó ná homafóibe’ i gceist le ‘bruscar’ Schofield.
Chuir an t-aisteoir Rupert Everett síos ar an gclúdach sna meáin mar rud ‘gealtach (insane)’.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.