Tá an t-iarAire Gaeltachta agus na Gaeilge Joe McHugh tar éis vótáil in aghaidh an Rialtais chun tacú le pá níos fearr do chomhraiceoirí dóiteán ar áirithíocht (part-time firefighters).
Bhí rún curtha síos ag Sinn Féin sa Dáil ag tacú leis na comhraiceoirí dóiteáin a bhí ar stailc.
Tá na comhraiceoirí dóiteáin ar áirithíocht ar glao-dhualgas (on call) 24/7 agus tá imní ann anois go mb’fhéidir nach mbeidh seirbhísí sábháilte i go leor ceantar i rith an tsamhraidh nuair a bhíonn bagairt mhéadaithe dóiteáin ann.
Tá siad ar phá íseal agus thug a gceardchumann rabhadh go bhféadfadh baill éirí as an tseachtain seo chugainn ‘i líon mór’ mura dtagann coinníollacha (conditions) níos fearr orthu.
D'éirigh an tUasal McHugh, TD de chuid Fine Gael do Dhún na nGall, as fuip (whip) an pháirtí an samhradh seo caite tar éis dó cur i gcoinne an Bhille chonspóideach ar bhlocanna tógála lochtacha (defective building blocks).
Agus tá sé tar éis seasamh i gcoinne an gComhrialtas arís chun aird a tharraingt ar a ‘imní mór’ faoin gcaoi a bhfuil an Rialtas ag láimhseáil ceisteanna sa tseirbhís dóiteáin.
‘Ba é an fócas a bhí agam aréir ná teachtaireacht an-soiléir a chur chuig an Rialtas gur ceist phráinneach í seo a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi,’ a dúirt an tUasal McHugh inné.
D’iarr rún Shinn Féin go gcuirfí ‘pacáiste infheistíochta airgeadais’ ar fáil a mbeadh ‘luach saothair méadaithe agus coinníollacha níos fearr do chomhraiceoirí dóiteáin’ mar thoradh air.
Chuir an Rialtas frith-rún (counter motion) síos, ag rá gur ról páirtaimseartha é comhraiceoir dóiteáin ar áirithíocht, agus nach raibh sé i gceist riamh ioncam lánaimseartha a sholáthar dóibh.
Bhuaigh an Comhrialtas le 71 vóta in aghaidh 62.
Dúirt an tUasal McHugh nár leag rún an Rialtais béim ar ‘láithreacht agus práinn na ceiste seo’.
Chuir comhraiceoirí dóiteáin ar áirithíocht tús le stailc rollach stad oibre (rolling work-stoppage) ar Dé Máirt, toisc nach bhfuil siad lánaimseartha agus ina ionad sin go n-íoctar iad as a bheith ar glaoch 24/7.
Cé go bhfaigheann siad táille in aghaidh an ghlao amach freisin, dúirt siad go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an íocaíocht thar na blianta mar gheall ar níos lú glaonna.
Dúirt Siptu go dtosóidh baill den tseirbhís ag éirí as ‘i líon mór’ mar chuid den aighneas ón tseachtain seo chugainn.
Dúirt an tUasal McHugh go gcaithfidh an Rialtas teacht ar réiteach ‘láithreach’.
Dúirt an tAire Rialtais Áitiúil Darragh O’Brien go raibh athbhreithniú neamhspleách coimisiúnaithe aige ar an tseirbhís agus gur ghlac an Rialtas le gach moladh.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.