Tá €63m ag Manchester United do Mason Mount … tá Chelsea ag iarraidh €98m

Déanfaidh Manchester United tairiscint (bid) €63 milliún do réalta Chelsea Mason Mount an samhradh seo.

Tá an bainisteoir Erik ten Hag ag iarraidh an t-imreoir, atá  24 bliain d’aois, ina fhoireann agus tá sé ag iarraidh comhaontú a dhéanamh go tapa.

Tá Mount ag dul isteach sa bhliain dheireanach dá chonradh agus tá amhras ar a thodhchaí ag Chelsea tar éis dó titim as bhfabhar an séasúr seo.

Erik ten Hag

Ach tá tairiscint Manchester United de €63 milliún i bhfad níos ísle ná an praghas , €98 milliún, atá Chelsea ag iarraidh.

Tá suim ag Arsenal agus Learpholl freisin i margadh don imreoir lár páirce.

Is mór an meas atá ag an bainisteoir nua ar Chelsea, Mauricio Pochettino, do Mount agus tá sé ag iarraidh air conradh nua a shíniú ag Stamford Bridge.

SCÉAL EILE: Freagra Evan Ferguson, nuair a fiafraíodh de arbh fhearr leis imirt do Shasana nó d’Éirinn

Mar sin féin, tá amhras suntasach ann faoi sin agus ceaptar nach mbeidh Chelsea in ann cainteanna conartha le Mount a athbheochan.

Chaith Chelsea €690 milliún ar imreoirí nua le dhá fhuinneog aistrithe (transfer windows) anuas, agus chuir siad síneadh ar conarthaí le go leor imreoirí eile, ach níor thug siad tosaíocht do chomhaontú le Mount, a tháinig isteach sa chlub 18 mbliana ó shin, agus é díreach sé bliana d’aois.

SCÉAL EILE: Cúig chlub ag bagairt an dlí a chur in aghaidh Everton do €345 million

Ainmníodh Mount mar imreoir na bliana Chelsea faoi dhó freisin. Mar sin féin tá scoilt tuairime i gcónaí ar Mount ag an gclub.

Tá sé cumasach go teicniúil, ilúsáideach, iontaofa, oiriúnach agus is oibrí gan staonadh é. Mar sin dealraíonn sé gur sárimreoir bainisteoir é.

Ach tá amhras fós ann faoi.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram