Ionsaí ar Benedict Cumberbatch agus a theaghlach ina dteach

Bhí eagla ar Benedict Cumberbatch agus a theaghlach nuair a d’ionsaigh iar-chócaire a dteach le scian.

Chiceáil Jack Bissell, 35, a bhealach trí gheata iarainn ag teach €4 milliún an aisteoir i dtuaisceart Londain, scar sé an idirchum (intercom) den bhalla agus scairt sé sraith bagairtí uafásacha.

Chuala cúirt go raibh Bissell, nár mhínigh a bhriseadh isteach, ag béicíl: ‘Tá a fhios agam go bhfuil tú tar éis bogadh anseo, tá súil agam go mbeidh sé dóite.’

Bhí Cumberbatch, 46, a bhean Sophie Hunter, 45, agus a dtriúr leanaí óga sa bhaile agus d’fhéadfaidís Bissell a chloisteáil ag bualadh isteach sa ghairdín agus ag screadaíl drochíde.

Tharraing an t-iar-chócaire ag Óstán cúig-réalta Beaumont i Mayfair, Londain, ceann de phlandaí an teaghlaigh amach ansin agus chaith sé ag balla an ghairdín é, chaith sé spalpadh ar an idirchum agus bhain sé é ón bhalla ag baint úsáide as scian éisc.

Benedict Cumberbatch Sophie Hunter 768x448 1
Benedict Cumberbatch agus Sophie Hunter

Dúirt foinse: ‘Ar ndóigh bhí an teaghlach ar fad faitíosach ar fad agus shíl siad go raibh an fear seo chun dul isteach agus iad a ghortú.

‘Níor chuaigh sé chomh fada sin. Is iomaí oíche gan chodladh a bhí ag Benedict agus ag Sophie ó bhí imní orthu go ndíreofar orthu arís.

‘Cuireann an fhíric gur cur isteach spriocdhírithe  a bh I ann, é i bhfad níos scanrúla.’

Theith Bissell ach gabhadh é tar éis do na póilíní a DNA a aimsiú ar an idirchum.

D’admhaigh sé damáiste coiriúil ag Cúirt na Corónach Wood Green níos luaithe an mhí seo, gearradh fíneáil £250 (€288) air agus tugadh ordú srianta trí bliana a chuir cosc air dul i dteagmháil le teaghlach Cumberbatch agus an ceantar ina bhfuil cónaí orthu.

Níl sé soiléir cén fáth ar dhírigh Bissell ar Cumberbatch. Níor thairg sé cosaint ar bith sa chúirt, phléadáil sé ciontach agus cuireadh pianbhreith air.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram