FÉACH AR AN ‘CLIP’: Molann Katie Taylor an chéad ghlúin eile … tar éis di ‘sparring’ a dhéanamh le Carly Burke atá 11 bliain d’aois

Labhair Katie Taylor faoi cé chomh iontach is atá an chéad ghlúin eile dhornálaithe – tar éis di cuireadh a thabhairt do cailín óg sparáil lena laoch.

Labhair Katie tar éis di seisiún oiliúna oscailte a reáchtáil i ‘Town Centre’ Dhún Droma i rith na seachtaine.

Bhí laoch dornálaíochta na hÉireann ag cleachtadh i mBaile Átha Cliath roimh a troid mhór in aghaidh Chantelle Cameron ag an 3Arena oíche Dé Sathairn.

Nocht Katie a scileanna agus í ag bualadh na ‘pads’  os comhair lucht tacaíochta.

Mar sin féin, tháinig buaicphointe an lae nuair a thug Taylor cuireadh do chailín atá 11 bliain d’aois, Carly Burke, dul isteach sa cró dornálaíochta (boxing ring), chun cuid dá buanna dornálaíochta féin a thaispeáint.

Deirtear gur ghlac Burke an lá saor ón scoil le dul chun a laoch a fheiceáil, sular thug Taylor cuireadh di dul isteach sa cró dornálaíochta.

katie and hearn press conf8
Katie Taylor ag an preas agallamh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le Eddie Hearn

Roinn Matchroom píosa scannáin ar Twitter  a thaispeánann Burke ag dul tríd na rópaí sular ghlac sí lena seasamh dornálaíochta.

Agus ina dhiaidh sin labhair Katie faoin gcéad ghlúin eile agus dúirt sí go gcuirfidís níos mó leis an spórt ná mar a chuir sí féin air, ar feadh a saoil.

‘Tá sé iontach a bheith in ann dul i bhfeidhm ar an gcéad ghlúin eile trodaithe,’ a dúirt sí.

‘Déanfaidh an ghlúin trodaithe sin níos mó fós ná mar a rinne mé.

SCÉAL EILE: Tá Katie Taylor fós ag iarraidh
troid i bPáirc an Chrócaigh, a deir Hearn

‘Nuair a bhí mé ag fás aníos ag aois naoi nó deich mbliana bhí na brionglóidí móra seo agam.’

Dúirt sí: ‘Bhí sé iontach an oiread sin daoine a fheiceáil ann [ag an gcleachtadh poiblí], an oiread sin páistí óga.

‘Caithfidh go raibh am saor acu ón scoil nó rud éigin, níl mé cinnte conas a chríochnaigh siad go léir ansin!

SCÉAL EILE: BRÓD ionainn féin: SSE Airtricity agus League of Ireland
ag cur branda LGBT Ireland chun cinn an deireadh seachtaine seo

‘Bhí sé iontach an oiread sin cailíní óga a fheiceáil go háirithe. Tá sé go hiontach dul i bhfeidhm ar chuid de na páistí óga sin.’

Agus dúirt sí go bhfuil súil aici gurb é an troid a bheidh ar siúl Dé Sathairn le Chantelle Cameron ‘an chéad troid as go leor’ sa bhaile.

Ag labhairt di ag preas agallamh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, dúirt sí: ‘Is iontach an rud é bheith ag tabhairt dornálaíocht mhórscála ar ais go dtí an náisiún seo, áit a mbaineann sí.

‘Sílim go bhfuil seans nua againn.

‘Tá súil agam gurb é seo an chéad oíche de go leor anseo sa bhaile in Éirinn. Bhí an oiread sin constaicí againn ach seo sinn.’

• Níl troid Taylor v Cameron ar an ngnáth-theilifís. Is féidir féachaint air ar sheirbhís sruthaithe ach ar phraghas. Craolfar beo é ar an aip sruthú DAZN, a chosnóidh €9.99 ar feadh míosa sruthú.

Cuirfear tús leis an gclár iomlán ag 7in, agus táthar ag súil go mbeidh Katie agus Cameron ag dul isteach sa fáinne dornálaíochta thart ar 10.30in.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram