Leanaí liteartha: Féach ar na daoine a bhfuil spéis acu i leabhair a léamh … agus a scríobh

20/05/2023

Níl mórán suim ag daoine fásta i leabhair a léamh a thuille, de réir dealramh. Tá siad ag crochadh thart lena ngutháin amach, agus iad ag cabaireacht ar na meáin shóisialta!

Nach iontach an rud é, mar sin, go bhfuil roinnt daoine freagracha againn … na daoine óga.

Mar ní féidir a rá go bhfuil na páistí bunscoile ag crochadh thart lena ngutháin amach. Tá siad ró-ghnóthach.

Ní hamháin go bhfuil siad ag léamh leabhair, tá siad á scríobh.

leabhair Gaeilge 1

Agus tá siad á ndearadh agus á bhfoilsiú freisin. Agus é seo go léir as Gaeilge.

Anuraidh scríobhadh níos mó ná 4,000 leabhar mar thoradh ar scéim thar cionn dar teideal Scríobh Leabhar.

Agus is cuma má scríobhann an Máirtín Ó Cadhain óg atá ag teacht i gcrann litríocht den scoth nó leabhar leis an teideal ‘Cray, na Killers’, nó ‘Peg Slayers’, is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil siad ag scríobh.

Is tionscadal é Scríobh Leabhar atá urraithe ag Clár na Leabhar Gaeilge.

Tugann sé deis do pháistí bunscoile a gcuid leabhar féin a scríobh, a dhearadh, agus a fhoilsiú as Gaeilge. Cuireann sé léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge chun cinn i measc páistí óga.

Go dtí seo scríobhadh 4,374 leabhar Gaeilge, ghlac 111 scoil páirt ann agus bhí baint ag 6,584 páiste leis.

Scríobh Leabhar 2022-23 ar siúl faoi láthair, le tuilleadh eolais faoi anseo.

Déanann na páistí a gcuid leabhar féin a scríobh, a mhaisiú agus a cheangal faoi threoir a múinteoirí.

Cuireann an tionscadal an-bhéim ar an bpróiseas scríbhneoireachta féin agus tá an tionscadal an-solúbtha.

Is féidir le gach páiste sa rang a leabhar féin a scríobh, nó obair lena chéile i ngrúpaí, nó is féidir leis an rang ar fad leabhar a scríobh.

Reáchtáladh an tionscadal Scríobh Leabhar 2021-22 i gcomhpháirt leis an Áisaonad agus leis na hionaid oideachais seo a leanas ar fud na hÉireann.

Ionad Tacaíochta Oideachais Iarthar Chorcaí

Ionad Oideachais Loch Garman

An tIonad Oideachais, Trá Lí

Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain

Ionad Oideachais Tacaíochta Chorcaí

Ionad Oideachais Chill Chainnigh

Ionad Oideachais Chora Dhroma Rúisc

Ionad Oideachais Ghort a’ Choirce

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram