Tá Patrick Kielty ar tí a bheith ar an gcéad láithreoir eile ar an Late Late Show, de réir tuairisce san Irish Independent.
Tháinig an idirbheartaíocht le ceannairí RTÉ chun cinn coicís ó shin, de réir an tuairisc.
Dúirt foinsí go bhfuil siad ag iarraidh an Late Late Show a dhéanamh níos cosúla le seó Graham Norton agus cuidíonn sé gur ón Tuaisceart a thagann sé.
Is as Dún Droma, Co. an Dúin do Kielty, 52, atá pósta le Cat Deeley. Tá beirt pháistí acu, James, 4, agus Milo, 7 mbliana d'aois.
Fear grinn a bhí Kielty ar dtús agus is láithreoir teilifíse móréilimh í Cat, sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe.
Chuir foinse shinsearach de chuid RTÉ síos air mar ‘fait accompli’ go nglacfaidh Kielty an ról anois ó Ryan Tubridy nuair a thosóidh an séasúr nua i mí Mheán Fómhair 2023, a deir an tuairisc.
‘Is beart críochnaithe é a bheag nó a mhór,’ a dúirt an fhoinse.
‘Ba mhaith le táirgeoirí an seó a thabhairt i dtreo nua go hiomlán agus measadh gurbh é an duine oiriúnach don ról é.
‘Bhí a mhuintir amuigh in RTÉ tuairim is coicís ó shin chun an scéal a phlé agus is é an chaint ar fad i Montrose ná go bhfuil an gig aige a bheag nó a mhór.
SCÉAL EILE: Pitt stop: Réalta Banshees
Kerry Condon le Brad i scannán mór faoi F1
‘Más mian leis, is leis féin é. Is fear an-ghreannmhar é, is gnáth duine é agus tá sé iontach ag cur daoine ar a suaimhneas.'
Tagann an nuacht lá díreach tar éis do Sarah McInerney agus Claire Byrne a rá nach bhfuil siad ag iarraidh a bheith an chéad ban-óstach ar an seó.
SCÉAL EILE: Seans ag Éireann sa Eurovision?
Deir Graham Norton go bhfuil Wild Youth mar ‘little dark horse’
Tar éis Sarah McInerney ba é Kielty an chéad duine eile a bhí molta don ról, ag corrlach (odds) 2/1.
Chomh maith leis sin sa rás tá Baz Ashmawy ag 8/1, agus tá Dara Ó Briain, Jennifer Zamperelli, Tommy Tiernan agus Angela Scanlon ar fáil ag 20/1.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.