Rabhadh maidir le féidearthacht listeria i milseoga seacláide

Tá rabhadh eisithe maidir le féidearthacht listeria maidir le milseoga seacláide a bhí le baint as seilfeanna siopaí

Tá sé ráite ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (Food Safety Authority of Ireland) go bhfuil roinnt baisceanna (batches) de mhilseoga seacláide Cadbury á aistarraingt (recalled)  mar gheall ar an bhféidearthacht go bhfuil listeria ann.

Díoladh na baisceanna bainteacha i roinnt siopaí Lidl.

Iarradh ar mhiondíoltóirí (retailers) na baisceanna bainteacha a bhaint de na seilfeanna agus cuirfear fógraí aistarraingt  ar taispeáint ag pointí tille.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO Ní
ghlacfaidh na Mná Onóra le fiosrúchán ‘whitewash’

Moltar do siopadóirí gan na baisceanna bainteacha a ithe.

patientWoman Sick Unhappy Crying Bed 768x448 1
I gcásanna neamhchoitianta, is féidir leis an ionfhabhtú a bheith níos déine, rud a fhágann deacrachtaí tromchúiseacha

D’fhéadfadh comharthaí éadroma cosúil le fliú, nó comharthaí gastraistéigeacha (gastrointestinal) amhail masmas, urlacan agus buinneach (nausea, vomiting agus diarrhoea) a bheith i measc comharthaí ionfhabhtaithe (infection) Listeria monocytogenes.

I gcásanna neamhchoitianta, is féidir leis an ionfhabhtú a bheith níos déine, rud a fhágann deacrachtaí tromchúiseacha.

Tá roinnt daoine níos leochailí (vulnerable) i leith ionfhabhtuithe listeria, lena n-áirítear mná torracha (pregnant), leanaí, agus daoine a bhfuil córais imdhíonachta (immune) lagaithe acu, lena n-áirítear daoine scothaosta.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO Craobh na hÉireann:
Sceideal na gcluichí do pheil na bhfear sinsearach

Is é an tréimhse goir (an t-am idir an t-ionfhabhtú tosaigh agus na hairíonna tosaigh) ná trí seachtaine ar an meán ach féadfaidh sé a bheith idir trí agus 70 lá.

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram