Nach bhfuil siad galánta! Tá na ceithre choileán seo as Corcaigh tar éis breith agus tá duais fhiáin ar fáil don duine a thugann ainmneacha orthu.
Tá na ceithre coileán cheetah seo ‘ag rath’ anois tar éis dóibh a bheith rugadh i bpáirc iomráiteach Fota i gChorcaí.
Ag fógairt na mbreitheanna ar a máthair Gráinne agus ar a athair Sam, tá an fhoireann ag lorg cabhrach ón bpobal chun na coileáin nua a ainmniú.
Dúirt ceannaire na maoin páirce Fota, Julien Fonteneau: ‘Tá sé go hálainn iad a fheiceáil ag forbairt agus iad a fheiceáil ag iniúchadh ina n-áit chónaithe deas féarach.
‘Is breá leis na cheetahs a bheith amuigh faoin spéir agus tá siad díreach tar éis tosú ag dul le chéile lena Mam le linn am itheacháin.
‘Mar charthanacht caomhantais agus mar institiúid zó-eolaíoch, is mór againn an tábhacht a bhaineann le páirt a ghlacadh i gcláir pórúcháin (breeding ) na Speicis i mBaol Eorpach (European Endangered Species, EEP).
‘Tá muid ag ceiliúradh 40 bliain i bPáirc Fiadhúlra Fota (Fota Wildlife Park) i mbliana, agus rugadh breis agus 240 cub cheetah, trí chláir phóraithe (breeding), sa pháirc ó osclaíodh í i 1983.’
Meastar go bhfuil fospeicis Northern cheetah i mbaol mar go bhfuil níos lú ná 700 fágtha san fhiántas.
Chun breith na gcoileán cheetah a cheiliúradh, tá comórtas á reáchtáil ag Páirc Fiadhúlra Fota chun na coileáin nua a tháinig isteach a ainmniú.
Is féidir le baill den phobal vótáil chun na coileáin a ainmniú trí fhoirm ar líne ar www.fotawildlife.ie/news agus beidh deis ag gach iarrthóir ceann de cheithre phas bliantúil chuig Páirc Fiadhúlra Fota a bhuachan.
LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
Lá Mór na Gaeilge, Dé Domhnaigh seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath
Tá Páirc Fiadhúlra Fota oscailte go laethúil agus is féidir na coileáin a fheiceáil ar Chnoc Cheetah.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.