‘Hysterical, paranoid,’ a deir The Ditch faoi Martin, tar éis ionsaí an Tánaiste orthu

Deir an suíomh nuachta The Ditch go bhfuil Micheál Martin ‘hysterical, paranoid’ tar éis ionsaí an Tánaiste orthu.

Tá ionsaí déanta ag an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin ar an suíomh gréasáin a fhoilsíonn scéalta faoi idirbheartaíochtaí maoine (property dealings) airí agus polaiteoirí.

Mar fhreagra, dúirt urlabhraí do The Ditch go raibh ionsaí ‘hysterical, paranoid’ déanta ag an Tánaiste seachas a bheith ag déileáil leis na líomhaintí.

 Tagann sé seo tar éis sraith scéalta faoi pholaiteoirí sa Rialtas a bhí ar an suíomh idirlín nuachta The Ditch.

Tá cur síos déanta ag an Uasal Martin air mar ‘eagraíocht pholaitiúil’.

Niall Collins 480x672 1
Niall Collins Pic: Sam Boal/Rollingnews.ie

In idirghabháil neamhghnách sa Dáil, mhaígh ceannaire Fhianna Fáil go bhfuil sé ‘soiléir’ dó go bhfuil beirt phearsanra shinsearacha taobh thiar de The Ditch ina ‘chomhraic pholaitiúil (political opponents)’ ar an Rialtas.

Tá líomhaintí tugtha le fios ag The Ditch le déanaí gur cheannaigh bean chéile TD Fhianna Fáil Niall Collins talamh ó Chomhairle Contae Luimnigh i 2008, tar éis don Uasal Collins freastal ar chruinniú de choiste ceantair inar moladh an díolachán.

D’áitigh an tUasal Collins nár sháraigh sé dlí ar bith.

Bunaíodh The Ditch i 2021, agus bhí baint ag Chay Bowes leis ag an am.

Léiríonn taifid na cuideachta go raibh Roman Shortall agus Eoghan McNeill, atá ina dtuairisceoirí don eagraíocht, liostaithe mar stiúrthóirí in 2021 freisin.

Dúirt an Tánaiste: ‘[Tá sé] soiléir dom go bhfuil Chay Bowes ina comhraic polaitiúil ar an Rialtas, agus go bhfuil Paddy Cosgrave [POF ar an Web Summit] ina chéile comhraic pholaitiúil ar an Rialtas.

‘Is é an rud atá i gceist agam, ba bhreá liom a fháil amach cé atá ag maoiniú The Ditch ina hiomláine… Ar chuir sibh ceist riamh… cé atá ag maoiniú é seo ar fad?’

Micheal Martin 1 480x672 1
Micheál Martin Pic: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

D’éirigh beirt as oifig mar gheall ar thuairisciú The Ditch: na hAirí sóisearacha, Robert Troy de chuid Fhianna Fáil agus Damien English de chuid Fhine Gael.

Dúirt an t-urlabhraí do The Ditch: ‘Tá muid maoinithe ag ár síntiúsóirí, a thugann síntiús trí nasc ar ár suíomh gréasáin, chomh maith le Web Summit mar chuid de thacaíocht an chomhlachta do na meáin in Éirinn.

‘Mar gheall ar thuairisciú imscrúdaithe The Ditch d’éirigh beirt airí i rialtas Martin, agus iar-leaschathaoirleach an Bhoird Phleanála, as oifig.’

Tá triúr scairshealbhóirí (shareholders) ag The Ditch, lena n-áirítear stiúrthóirí cuideachta an tUasal McNeill agus an tUasal Shortall. Is cuideachta shealbhaíochta é an ceann eile don dlíodóir Adam Connon.

D’fhág an tUasal Bowes The Ditch  agus níl sé ina scairshealbhóir a thuilleadh, de réir na taifid cuideachta.

Le déanaí bhí sé le feiceáil ar RT India, asraon nuachta (news outlet) atá maoinithe ag rialtas na Rúise, mar ‘chomhfhreagraí’.

Tá go leor scríofa ag an Uasal Bowes freisin ag rá gurb é an tIarthar atá an milleán mar gheall ar an gcogadh san Úcráin.

Agus é ag freagairt ar Twitter, scríobh an tUasal Cosgrave go raibh ionsaí á dhéanamh air mar gheall ar maoiniú Web in iriseoireacht.

Nuair a bunaíodh The Ditch in 2021, dhiúltaigh an tUasal Bowes a rá cé a bhí taobh thiar den tionscadal, ag rá go raibh an tUasal Cosgrave ina ‘chara maith leis an smaoineamh’.

Dúirt an tUasal Martin gurb é an rud a chuir ‘scanrúil air ná go raibh ‘Ambasáid na Rúise in Éirinn’ tar éis ‘Chay Bowes’ a mholadh i mí Feabhra na bliana seo caite ar Twitter.

Dúirt sé: ‘Agus chuirfinn an cheist ar an Dáil ar fad: an bhfuil sé mar fheidhm againn a clár oibre a leanúint go sclábhaí, an t-am ar fad? D’iarrfainn machnamh air sin.’

Dúirt sé: ‘Is eagraíocht pholaitiúil í seo. Sin é mo phointe.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram