Tá an chéad bhabhta dátaí fógartha ag U2 dá sraith ceolchoirmeacha ag an ionad nua The Sphere i Las Vegas – a bhfuil ticéid á bhfógairt cheana féin ar €7,500.
Is féidir le lucht leanúna clárú le Ticketmaster ar Dé Céadaoin le haghaidh dátaí I mí Mheán Fómhair agus I mí Dheireadh Fómhair le haghaidh U2: UV Achtung Baby Live.
Cuirfear tús leis an réamhdhíol ar Déardaoin agus cuirfear aon ticéid eile ar díol ginearálta ar Dé hAoine ag Ticketmaster.com.
Tosóidh praghsanna ag $140 (€127) ar shuíomh Ticketmaster.
Mar sin féin, in ainneoin nach bhfuil ticéid do na seónna ar díol go ginearálta fós, léirigh an láithreán athdhíola agus malartaithe Viagogo ticéid don chéad oíche á ndíol ar €2,036 an ceann.
Agus bhí príomhshuíocháin os comhair an ionaid i Las Vegas á bhfógairt ar suas le €7,500.
Déanann an suíomh Viagogo cur síos air féin mar an margadh tánaisteach (secondary marketplace) is mó ar domhan, a ligeann do lucht leanúna ticéid a cheannach agus a dhíol le haghaidh imeachtaí beo.
Dúradh ar an suíomh go raibh ticéid ghinearálta díolta acu ar €1,340 an ceann, agus ticéid do rannóg atá sraith amháin siar ón stáitse ar €2,036.
Cuirfear tús le ceolchoirmeacha Las Vegas an bhanna ar Dé hAoine, 29 Meán Fómhair, agus leanfaidh siad ar aghaidh ar 30 Meán Fómhair, agus ar 5, 7 agus 8 Deireadh Fómhair.
I ráiteas, dúirt an banna: ‘Beidh an-éileamh ar thicéid don tsraith seo de sheónna, dá bhrí sin bainfear úsáid as “Verified Fan” chun a chinntiú go dtiocfaidh níos mó ticéid isteach i lámha lucht leanúna ar mian leo dul chuig an seó, in ionad ceannaitheoirí atá ag iarraidh iad a athdhíol.’
Faoin scéim “Verified Fan” de chuid Ticketmaster, dúirt an chuideachta go ndéanann siad gach iarratas a sheiceáil trína dheimhniú gur le duine aonair é – ní bot – nach bhfuil ceangailte le hiompraíocht neamhrialta, a d’fhéadfadh a bheith ina chomhartha go bhfuil díoltóir gairmiúil ag iarraidh an ticéad.
Is féidir le lucht leanúna níos mó a fhoghlaim faoin bpróiseas ag u2.ticketmaster.com.
I mí Feabhra, dhearbhaigh U2 go mbeidh siad ag feidhmiú gan an drumadóir Larry Mullen Jr i Vegas, agus é ag teacht chucu féin tar éis máinliachta de bharr gortuithe a bhaineann le drumadóireacht.
Ina áit beidh an ceoltóir Ollannach Bram van den Berg.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.