Data pearsanta tógtha ó eagraíocht a bhíonn ag deileáil le híospartaigh ‘rape’ agus ‘sexual abuse’ in Éirinn

Tá data pearsanta tógtha ó cheithre eagraíocht a bhíonn ag deileáil le híospartaigh éignithe agus mí-úsáide gnéis (victims of rape and sexual abuse) in Éirinn – agus  tá airgead fuascailte (ransom) á lorg, de réir tuairisce ó Paul Reynolds i Nuacht RTÉ.

Tá na ceithre eagraíocht i mBaile Átha Cliath agus i ndeisceart na tíre, agus ina measc tá One in Four, a chuidíonn le daoine fásta ar bhain drochúsáid ghnéasach leo mar pháistí.

Rinneadh an t-éileamh ach níor íocadh aon rud, tar éis an ionsaí ar chomhlacht sa Tuaisceart.

Níl aon chuid den ábhar a goideadh, ar a dtugtar ‘faisnéis an-íogair agus pearsanta (‘highly sensitive and personal information)’, foilsithe go dtí seo ar an ‘Darknet’ nó ar fhóraim ar líne eile.

Is é Evide an comhlacht ar a ndearnadh ionsaí, atá lonnaithe i nDoire agus a bhainistíonn sonraí do thart ar 140 carthanacht (charities) agus eagraíocht neamhbhrabúis (non-profit) in Éirinn agus sa Bhreatain.

cyber feat 2 768x448 1
Tá na ceithre eagraíocht i mBaile Átha Cliath agus i ndeisceart na tíre, agus ina measc tá One in Four,

Dúirt urlabhraí do Evide aréir, a luaithe a tháinig sé ar an eolas go raibh rochtain (access) ar a chórais, go ndeachaigh siad i dteagmháil leis na póilíní agus d’fhostaigh siad speisialtóirí cibearshlándála (cybel security), chun cabhrú leis an tsaincheist a choinneáil slán agus tacú le hiarrachtaí téarnaimh (recovery).

Dúirt One in Four go bhfuil teagmháil déanta acu go dtí seo le thart ar 500 duine a bhféadfadh a gcuid faisnéise pearsanta a bheith goidte.

Tá líne chabhrach curtha ar bun acu freisin d’íospartaigh, a oibreoidh ón lá inniu.

D’iarr an Príomhfheidhmeannach Maeve Lewis ar dhaoine a bhfuil imní orthu dul chuig a suíomh gréasáin le heolas a fháil ar an líne chabhrach agus tacaíochtaí eile.

Creidtear go bhféadfadh go raibh tionchar ag timpeall is 2,000 duine sa Phoblacht, chomh maith le heagraíochtaí agus daoine aonair eile sa Tuaisceart agus sa Bhreatain.

Dúirt Evide gur tháinig siad ar an eolas faoin sárú slándála nuair a braitheadh trácht neamhghnách ar a líonra go déanach an mhí seo caite agus fuair siad amach go raibh a chórais i gcontúirt.

Rinne siad teagmháil leis an PSNI, a bhfuil tús curtha aige le himscrúdú coiriúil.

Dheimhnigh póilíní i nDoire go raibh tuairisc faighte acu ar chibear-eachtra ó ghnó áitiúil ar 30 Márta.

Deir na Gardaí go bhfuil siad ag cabhrú leis an PSNI ina fhiosrúchán agus tá an Biúró Náisiúnta Cibearchoireachta (National Cyber Crime Bureau) ag cur comhairle ar fáil do roinnt comhlachtaí.

Dheimhnigh an Coimisinéir Cosanta Sonraí freisin go bhfuil roinnt fógraí sáraithe sonraí faighte aige.

I ráiteas do Nuacht RTÉ, dúirt urlabhraí do Evide: ‘Tháinig muid ar an eolas le déanaí faoi eachtra nuair a braitheadh trácht neamhghnách ar ár líonra.

‘Chomh luath agus a fuaireamar ar an eolas go raibh rochtain ag tríú páirtí ar ár gcórais chuamar i dteagmháil láithreach leis an PSNI agus d’fhostaigh muid seirbhísí speisialtóirí cibearshlándála a bhfuil taithí acu chun cabhrú linn an cheist a choinneáil faoi smacht, tacú le hiarrachtaí téarnaimh agus imscrúdú críochnúil a dhéanamh.

‘Chuireamar fógraí ar fáil do na geallsealbhóirí agus do na cliaint ábhartha go léir agus chuireamar na húdaráis ábhartha ar an eolas freisin, lena n-áirítear Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann a chuir an Garda Síochána ar an eolas. Tá an eachtra faoi réir imscrúdú coiriúil freisin.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram