Inseoidh scannán Sheridan scéal faoi throid na ‘Native Americans’ le bheith ina ‘dhaoine’

14/04/2023

Comhstiúrfaidh an scannánóir Jim Sheridan dráma stairiúil ina n-inseofar an scéal uafásach faoi mar a caitheadh le Dúchasaigh Mheiriceá (Native Americans).

Rinne an stiúrthóir, a rugadh i mBaile Átha Cliath, scannáin ar nós an buaiteoir Oscar My Left Foot, chomh maith le The Field agus In the Name of the Father.

Comhstiúrfaidh sé, scríobhfaidh agus léireoidh sé an scannán dar teideal I Am A Man: The True Story of Chief Standing Bear.

Oibreoidh sé in éineacht le Andrew Troy, a rinne Salinger.

Jim Sheridan: Standing Bear
In 2019, nocht grúpa de Chomhdháil (Congress) na Stát Aontaithe dealbh de Standing Bear i gCapitol na SA

Léireofar sa scannán ‘Trail of Tears’ faoi stiúir Ponca Chief Standing Bear, as ar eascair an cás cúirte suntasach Standing Bear v USA in 1879.

Taispeánfaidh an scannán, a bhfuil tacaíochta faighte aige ón Ponca Tribe, an cás cúirte nach bhfuil mórán aithne air, a thug aitheantas dlíthiúil do na Dúchasaigh Mheiriceá mar ‘dhaoine’.

Leag sé seo fasach dlíthiúil amach do chúrsaí cearta sibhialta i gcúirteanna SAM.

Jim Sheridan: Standing Bear
Jim Sheridan: Rinne an stiúrthóir, a rugadh i mBaile Átha Cliath, scannáin ar nós an buaiteoir Oscar My Left Foot, chomh maith le The Field agus In the Name of the Father

‘Tá Standing Béar fágtha go hiomlán as ár dtéacsleabhair scoile,’ a dúirt an tUasal Troy faoin scannán.

‘Agus mé ag taisteal na tíre, d’fhoghlaim mé nach bhfuil cur amach ag muintir Dhúchasach fiú ar a ainm agus ar an tionchar a bhí aige ar a saol.

Ní mór scéal Standing Bear a insint.’

Jim Sheridan: Andrew Troy
Andrew Troy: ‘Tá Standing Béar fágtha go hiomlán as ár dtéacsleabhair scoile’

In 2019, nocht grúpa de Chomhdháil (Congress) na Stát Aontaithe dealbh de Standing Bear i gCapitol na SA – rud a fhágann go raibh an Standing Bear ar cheann de na chéad daoine Dúchasaigh Mheiriceá a ionduchtú isteach i Halla an Reachta (Statuary Hall).

Tá tacaíocht tugtha don scannán freisin ón Nebraska Legislature, a thug $5 milliún don léiriú.

Tá tacaíocht léirithe tugtha freisin ag Oifig Scannán Cherokee Nation, agus Screen Ireland.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram