Tá 26 gearán faighte ag na Gardaí faoi dhrochúsáid ghnéasach in Óglaigh na hÉireann, agus tá oibríocht curtha ar bun acu chun ‘predators’ féideartha a fhiosrú.
An tseachtain seo caite, léirigh tuarascáil liosta de gníomhaíócht choiriúil agus chlaonta ar mná san Arm le breis agus ceithre scór bliain.
Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go raibh ’déistin’ air tar éis an tuairisc a léamh.
Ag an am, chuir Diane Byrne, urlabhraí don ghrúpa Women of Honour, a chuidigh le nochtadh na mífheidhme i gcroílár Óglaigh na hÉireann, fáilte aireach roimh an tuarascáil.
Agus níos luaithe an tseachtain seo, chuaigh ball den ghrúpa Women of Honour go poiblí den chéad uair le líomhaintí gur éignigh (rape) oifigeach sinsearach í.
Inné, ag comhdháil bhliantúil Chumann Sáirsintí agus Cigirí an Gharda Síochána (AGSI), dúirt Coimisinéir an Gharda, Drew Harris, go bhfuil oifigigh ag fiosrú ‘creachadóirí’ (predators) féideartha.
Dúirt sé: ‘Tá oibríochtaí náisiúnta curtha ar bun againn maidir le gearáin a fháil ó bhaill atá ar scor nó ag seirbhís d’Óglaigh na hÉireann, ar mian leo gearán a dhéanamh faoi ionsaí gnéis nó ionsaí gnéasach tromchúiseach.’
Dúirt an tUasal Harris go raibh cuid de na gearáin faighte roimh chraoladh an chláir faisnéise raidió Women of Honour de chuid RTÉ in 2021, a léirigh go leor de na líomhaintí.
‘Tá tuairiscí faighte againn ag dul siar go luath sna seascaidí,’ a dúirt sé.
‘Mar sin, tá roinnt tuairiscí faighte againn a ndearnamar imscrúdú orthu.
‘Ba mhaith linn a bheith soiléir ach [féachfaimid] trínár dtaifid féin… agus féachaint an bhfuil aon teagmhais eile ar a bhfuilimid ar an eolas chun a chinntiú go ndearnadh imscrúdú ceart orthu.’
Tá an oibríocht á stiúradh ag oifigigh atá bainteach le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta (National Protective Services Bureau, GPSB).
Cé go bhfuil roinnt gearán ann ó na 1960idí, tá cinn eile níos deireanaí.
Áirítear ar na híospartaigh líomhnaithe fir agus mná araon.
Dúirt an Coimisinéir Harris go bhfuil sé ag súil go dtiocfaidh níos mó íospartaigh chun cinn sna míonna amach romhainn.
Dúirt sé: ‘Caithfidh muid a chur san áireamh go mb’fhéidir go ndearnadh ionsaíodh ar íospartaigh roinnt uaireanta.
‘Ach ní mór dúinn a chur san áireamh freisin go bhféadfadh creachadóirí a bheith amuigh ansin agus ba mhaith linn a chinntiú má chuirtear daoine aonair i leith cionta iolracha, go mbaileoimid an fhianaise ar fad agus go dtuairisceoimid chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP), agus mar sin tá gá le comhordú náisiúnta. maidir le dul i ngleic leis an gceist seo.’
Dúirt urlabhraí ar son Óglaigh na hÉireann: ‘Fáiltíonn Óglaigh na hÉireann roimh an oibríocht nua seo a bhunaigh An Garda Síochána agus tacaíonn siad go hiomlán leis an tionscnamh seo.
‘Tá Cór Póilíní Míleata Óglaigh na hÉireann réidh chun cabhrú leis an nGarda Síochána más gá ag am ar bith.’
An tseachtain seo, dúirt ball den ghrúpa Women of Honour, Roslyn O’Callaghan, le Upfront With Katie Hannon de chuid RTÉ, gur earcach (recruit) nua a bhí inti nuair a d’ionsaigh oifigeach sinsearach neamhchoimisiúnta (NCO) í, ar a céad turas thar lear, díreach seachtainí tar éis a 21ú breithlá.
Ag cur síos ar an nóiméad a thuairiscigh sí a héigniú don Arm, dúirt an t-iarphríobháideach: ‘Ón nóiméad sin ar aghaidh d’fhág m’anam mo chorp.
‘Ní raibh Roslyn ann níos mó. Bhí mé i gcónaí den tuairim go dtabharfaidh an tArm aire dom. Creidfidh siad mé.
‘Ní dhearna mé aon rud mícheart anseo. Cé chomh mícheart a bhí mé.’
Tar éis imscrúdaithe a rinne Óglaigh na hÉireann, fuair Ms O’Callaghan an scéala nach raibh dóthain fianaise ann chun a hionsaí líomhnaithe a chúiseamh as ionsaí gnéasach nó éigniú.
Dúirt sí leis an gclár gur mhothaigh sí ‘let down’ ag an imscrúdú ‘lochtach’, rud a d’fhág gur fhorbair PTSD í agus gur rinne sí iarracht ar fhéinmharú faoi dhó.
Tar éis don tuarascáil a bheith foilsithe an tseachtain seo caite, dúirt an tUachtarán Michael D Higgins, Ardcheannasaí Óglaigh na hÉireann, gur fágadh é le mothú náire, ‘agus an oiread sin gortaithe’ do na mná agus na fir a chaith a mbeatha ar fónamh Éireann.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.