Tá ráiteas cumhachtach déanta ag Uachtarán Micheál D Ó hUiginn ag tacú leis na mná a d’fhulaing in Óglaigh na hÉireann.
Agus dúirt sé go raibh na mná a nocht na gníomhartha uafáis ‘cuid de na daoine is cróga (bravest) a rinne seirbhís dár dtír’.
Dúirt an tUachtarán, atá ina Ard-Cheannasaí ar Óglaigh na hÉireann, ‘nach féidir leanúint ar aghaidh le haon cheann den iompar seo atá do-ghlactha (unacceptable), go deimhin coiriúil’ (criminal).
cuid de na daoine is cróga a rinne seirbhís dár dtír’
Agus labhair sé faoina náire féin nuair a léigh sé an t-athbhreithniú neamhspleách ar mhí-úsáid mná laistigh d’Óglaigh na hÉireann, a foilsíodh níos luaithe an tseachtain seo.
Dúirt sé gur gá ‘athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir na hoifigigh agus na céimeanna liostáilte’ anois mar gheall ar na rudaí a tharla do na mná.
Mhol an t-athbhreithniú, a foilsíodh Dé Máirt tar éis 15 mhí imscrúdaithe, fiosrúchán iomlán reachtúil faoin gconspóid.
Chuir na mná in iúl do na himscrúdaitheoirí faoi bhulaíocht agus faoi chiapadh gnéasach laistigh d’Óglaigh na hÉireann, rud a d’eascair pian agus gortú fadtéarmach.
Thuairiscigh 88% de na mná a ndearnadh suirbhé orthu don athbhreithniú go raibh cineál amháin nó níos mó de ghnéaschiapadh orthu.
Fuarthas sa tuarascáil gur ‘thrasnaigh roinnt ball den bhainistíocht an líne’ trí dhínit an duine aonair a bhaint de bharr easpa measa.
Chuir Diane Byrne, urlabhraí don ghrúpa Women of Honour, a chuidigh le nochtadh na mífheidhme i gcroílár Óglaigh na hÉireann, fáilte aireach roimh an tuarascáil.
Mhol an tUachtarán na mná a tháinig chun tosaigh chun labhairt amach faoin mhí-úsáid, ag cur síos orthu mar ‘cuid de na daoine is cróga a rinne seirbhís dár dtír’.
Dúirt an tUachtarán Higgins go raibh sé cruthaithe, trína ngníomhartha, nach ‘sraith shimplí d’eachtraí randamacha’ a bhí sa mhí-úsáid ach gur fadhb chórasach í ‘bulaíocht, ciapadh, leithcheal agus gnéaschiapadh laistigh d’Óglaigh na hÉireann’.
D’fháiltigh sé roimh ‘ghlacadh go tapa agus go hiomlán ag an Rialtas le moltaí an athbhreithnithe’.
Dúirt an tUachtarán Ó hUiginn, áfach, go pointeáilte: ‘Beidh an pobal ag súil anois go gcuirfear na moltaí seo i bhfeidhm go hiomlán agus gan mhoill.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.