Tá tacaíocht á fháil ag Doireann Garrihy sa rás chun áit Ryan Tubridy a fháil, mar óstaigh nua The Late Late Show.
Agus Ryan ag fógairt le déanaí go bhfuil sé ag éirí as an seó, tar éis 14 bliana, tá an lucht féachana ag tuairimíocht faoi cé a bheidh ina áit.
Ní bheidh an ról teilifíse nua don DJ 2FM Doireann mar chuaigh sí i bhfeidhm ar an lucht féachana ar a céad séasúr de Dancing with the Stars in éineacht le Jennifer Zamparelli.
Ar dtús bhí Doireann suite ag na geallghlacadóirí (bookies) ar 50/1, ach anois tá siad tite go mór le BoyleSports, go 7/1, rud a fhágann gurb í an ceathrú duine is fearr don ról.
Dá bhfaigheadh sí an post, is í Doireann an chéad ban-óstach lánaimseartha a bheadh ar an gclár tar éis do Miriam O’Callaghan líonadh isteach do Ryan le haghaidh eipeasóid amháin le linn na paindéime.
Díreach chun tosaigh ar Doireann sa rás, de réir na geallghlacadóirí, tá na mná is mó a bhfuil taithí acu Claire Byrne, Sarah McInerney agus Angela Scanlon.
In ainneoin dul ó 8/13 go 4/11 an tseachtain seo, is í Claire rogha na coitiantachta (favourite).
Dúirt urlabhraí Boylesports: ‘Bhí an gealltóireacht (punters) socraithe go dtí go raibh cearrbhachas (gamble) tobann an tseachtain seo ar Doireann Garrihy.
‘Tá sí i ndiaidh Claire Byrne mar rogha na coitiantachta, agus rud amháin atá cinnte, ceapann siad go bhfuil bean ag fáil an ghig.’
Tar éis dó tacaíocht a fháil don ról tar éis dó a bheith i láthair ar Late Late Show an tseachtain seo caite, mhol Baz Ashmawy go bhféadfadh sé a bheith ina chomhláithreoir le Lucy Kennedy.
‘Is breá liom Lucy agus níl a fhios agam fúithi, ach níor labhair aon duine liom faoi.
‘Sílim nach bhfuil i gceist anseo ach daoine a bheith ag spraoi agus ag meascadh suas na ngeallghlacadóirí,’ a dúirt sé.
Tiocfaidh deireadh le ról Ryan ar an Late Late ar an 26 Bealtaine.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.