Tá sé deacair caidreamh a choinneáil ar bun agus tú i súile an phobail; agus tá a fhios ag iar-amhránaí Saturdays Una Healy tionchar na meán cumarsáide freisin.
Bhain Una, as Tiobraid Árann, na cinnlínte amach níos luaithe i mbliana nuair a cuireadh ina leith go raibh sí i 'three-way romance' leis an iar-dornálaí David Haye agus a chailín Sian Osborne.
Tá tuarascálacha á maíomh anois go bhfuil an triúr tar éis scaradh lena chéile.
Tar éis na maíomh go bhfuil Una singil arís, tá foinse atá gar leis an réalta tar éis labhairt faoin bhfíorchúis a d’fhéadfadh a bheith taobh thiar den scoilt a bhí aici le déanaí.
Ag caint leis an iris OK!, mhaígh duine gar don réalta atá 41 bliain d'aois go raibh Una faoi léigear ag an méid aird a bhí ag na meáin chumarsáide ar an gcaidreamh líomhnaithe.
'Bhí go leor tuairimí diúltacha á fáil aici faoi,' a dúirt an fhoinse. 'Cé go raibh a gcaidreamh spraoiúil ar dtús, d'iompaigh sé isteach i ‘frenzy’ ma meáin agus bhraith sí go raibh gach duine ag caint faoi.
'Níor cheap sí gur fiú é sa deireadh,' a dúirt an fhoinse.
Dúirt an fhoinse freisin go raibh 'mothúcháin casta' idir an triúr acu, agus go raibh sé socraithe ag Una imeacht tar éis don lánúin dul ar thuras gan í.
Bhí an triúr nasctha go rómánsúil ar dtús nuair a bhuaile siad le chéile san Athbhliain i Marrakech i Morroco.
Tá sé á thuairisciú anois go bhfuil an mháthair beirt ag cur a cuid ama agus fuinnimh ar fad ina teaghlach, ag díriú ar a beirt pháistí Tadhg agus Aoife a roinneann sí lena hiarfhear céile Ben Foden.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.