‘Tá fearg ar na baill’: Gardaí sinsearacha le tabhairt faoi ‘Day of Action’ Dé Luain, le bagairt ‘gach cineál industrial action’

09/03/2023

Beidh Lá Gníomhaíochta (Day of Action) ag gardaí sinsearacha Dé Luain seo chugainn. Agus mura n-éistear leo bogfaidh siad ar aghaidh chun ‘gach cineál gníomhaíocht thionsclaíoch (industrial action)’ a phlé.

Tá Cumann Sáirsintí agus Cigirí an Gharda Síochána (Association of Garda Sergeants and Inspectors, AGSI) i mbun na gníomhaíochta in aighneas le lucht bainistíochta an Gharda Síochána faoi na huainchláir (roster) nua atá beartaithe.

Dúirt an tArd-Rúnaí Antoinette Cunningham go bhfuil fearg agus frustrachas ar na baill nach bhfuil a fhios acu cén patrún oibre a bheidh acu i gceann cúig seachtaine.

Dúirt sí nach mbeadh a leithéid de chás inghlactha in aon ionad oibre eile.

GardaAntoinette Cunningham
Antoinette Cunningham Pic: Gareth Chaney Collins

Tháinig an cumann le chéile ar Dé Luain i mBaile Átha Luain le haghaidh chomhdháil toscairí speisialta, an dara huair amháin ina stair 45 bliain an Chumainn.

I ráiteas, dúirt siad go dtionólfaidh 100 ball máirseáil agóide chuig ceanncheathrú an Gharda Dé Luain seo chugainn agus go dtabharfaidh siad litir chuig bainistíocht an Gharda ag cur síos ar a n-imní.

Dúirt siad gur céim a haon de straitéis chomhaontaithe dhá chuid í seo, ina ndíreofar ar shláinte, sábháilteacht agus leas chomhaltaí an AGSI ar dtús sna ceithre seachtaine amach romhainn.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO: Lámhachadh pinsinéir, 83, marbh ina theach; bhí sé ina ‘ábhar d’imscrúdú Gardaí as coireanna stairiúla’

D úirt siad mura dtugtar aghaidh leordhóthanach ar chúrsaí, go n-ardóidh siad é ag Comhdháil Bhliantúil Toscairí (Annual Delegate Conference) an mhí seo chugainn go dtí céim a dó, a bheidh ina phlé ar gach cineál gníomhaíochta tionsclaíche.

Dúirt Ms Cunningham: ‘I Márta 2020 bhog comhaltaí thar oíche chuig uainchlár nua chun póilíneacht a dhéanamh ar phaindéim Covid-19, agus níor comhlíonadh gealltanas Choimisinéir an Gharda Síochána go bhfillfimis ar ár ngnáth phatrúin oibre.

‘Dhiúltaigh comhaltaí an AGSI i mballóid den bhallraíocht ar thograí uainchláir nua i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus cuireadh tús le aighneas faoin ábhar ansin.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:’A simple procedure’! Fuair máthair bás tar éis gnáth-obráid chun cyst a bhaint as ovary

‘D’iarr an AGSI go n-athosclófaí idirbheartaíochtaí uainchláir ach dhiúltaigh Coimisinéir an Gharda Síochána é seo a cheadú,’ a dúirt sí.

Beidh an chéad ‘Lá Gníomhaíochta’ ag an AGSI ar 13 Márta nuair a mháirseáil 100 ball den AGSI, a dhéanann ionadaíocht thar ceann gach ceann dá 31 brainse agus Feidhmeannas Náisiúnta (National Executive), chuig Ceanncheathrú an Gharda Síochána agus tabharfaidh litir do Choimisinéir an Gharda, Drew Harris, ag cur síos ar a n-imní.

Rachaidh an dara ‘Lá Gníomhaíochta’ ar aghaidh mura dtugtar aghaidh ar na hábhair imní a ardaíodh.

Drew Harris 480x672 1
Drew Harris Pic: Leon Farrell / RollingNews.ie

An mhí seo caite, chuir Coimisinéir an Gharda Síochána an t-aighneas uainchláir faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (Workplace Relations Commission) ag éileamh go raibh gach próiseas caidrimh thionsclaíoch ídithe (exhausted).

Tharla sé seo tar éis trí bliana de phlé idir bainistíocht an Gharda Síochána agus cumainn ionadaíocha.

Garda Headquarters 1168x681 1

Chomhaontaigh bainistíocht an Gharda Síochána, Cumann  Cheannfoirt an Gharda Síochána (the Association  of Garda Superintendents) agus Cumann na nArd-Cheannfort (the Association of Chief Superintendents ar Chomhaontú Ama Oibre molta agus ar uainchláir, ach dhiúltaigh an GRA agus an AGSI don mholadh.

‘Tá an coimisinéir fós tiomanta do theacht ar réiteach chomh luath agus is féidir, d’fhonn cinnteacht a thabhairt do chomhghleacaithe ina saol oibre amach anseo,’ a dúirt an Garda Síochána.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram