Beidh 100,000 duine i mBaile Átha Cliath gan uisce ar Dé Domhnaigh: Tá Uisce Éireann ag moladh do theaghlaigh ullmhú

24/02/2023

Tá 100,000 duine i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath le bheith gan uisce Dé Domhnaigh mar gheall ar phíblíne nua a thógáil ag Uisce Éireann.

‘Tá Uisce Éireann ag ullmhú do bhriseadh pleanáilte ar an soláthar uisce maidin Dé Domhnaigh,’ a dúirt Ceannasaí Oibríochtaí Sócmhainní (Head of Asset Operations) Uisce Éireann, Tom Cuddy, le Newstalk.

‘Beidh tionchar aige seo ar chuid mhór de Chontae Átha Cliath Thuaidh i Sord agus sna ceantair máguaird.

‘Tosóidh na hoibreacha go luath ag 1am agus leanfaidh sé ar aghaidh ag cuir isteach ar soláthair go dtí thart ar mheán lae don chuid is mó daoine, agus isteach san iarnóin do áiteanna ar thalamh ard.’

Water Feature 768x448 1

Dé réir na réamh-mheastacháin tosaigh, d’féadfadh go mbeadh suas le 350,000 duine le bheith gan uisce, ach bhí Uisce Éireann in ann líon na ndaoine a laghdú.

Dé réir an tuairisc a tháinig amach níos luadh, d’fhéadfaidh go mbeidh tionchar ag teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu sna ceantair seo a leanas:

• Baile Bochal (Ballyboughal),
• Domhnach Bat (Donabate),

• Cionn Sáile (Kinsealy),
• Halla an Leasa (Lissenhall),
• Loch Sionnach (Loughshinny),
• Lusca (Lusk),
• Mullach Íde (Malahide),
• Baile Phámar (Palmerstown, Fine Gall),
• Port Mearnóg (Portmarnock),
• Port Reachrann (Portrane),
• Seantrabh (Santry),
• Sord (Swords),
• Turvey
• stáisiúin seirbhíse ar an M1 agus na ceantair máguaird (surrounding areas).

Tá stáisiúin soláthair uisce bunaithe ag Uisce Éireann agus ag Comhairle Contae Fhine Gall sna láithreacha seo a leanas:

• Eaglais Chaitliceach an Chroí Ró-Naofa n(Sacred Heart), Mullach Íde (Malahide)

• Carrchlós Ionad Pobail Dhomhnach Bat/Port Reachrann (Donabate/Portrane)

• Club Spóirt agus Fóillíochta Phort Mearnóg (Portmarnock)

• Carrchlós Pháirc an Ráth Mhór (Rathmore ) i Lusca (Lusk)

• Carrchlós Pháirc Radharc na Mara (Seaview) i bPort Reachrann (Portrane)

• Clubanna CLG Naomh Colmcille i Sord (Swords) Thuaidh

• Eaglais Chaitliceach Naomh Fhionán i Sord Theas

• Ionad Siopadóireachta Tesco, an Ros (Rush)

Tá rabhadh tugtha do theaghlaigh a gcoimeádáin (containers) féin a úsáid agus iad ag fáil uisce ó na stáisiúin seo agus tá sé tugtha le fios ag an HSE gur cheart an t-uisce a fhiuchadh sula n-óltar é.

watersss

I ndiaidh an chineáil oibre seo d’fhéadfadh fadhbanna  a bheith ann mar uisce dorcha nó ‘airlocks’. Is féidir le custaiméirí comhairle a fháil ar conas na fadhbanna sin a réiteach ar shuíomh Gréasáin Uisce Éireann nó ar an líne chabhrach 24/7 ar 1800 278 278, a deir an comhlacht.

Dúirt Uisce Éireann gurb é an chúis atá leis an gcur isteach ar an soláthar uisce ná go bhfuil siad ag cur píopaí nua isteach.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram