Viva Las Vegas!… U2 ag leanúint an Ratpack Sinatra agus Elvis … ag fáil na big bucks

20/02/2023

Tá U2 ag leanúint treocht atá leagtha síos ag daoine cosúil le Frank Sinatra agus an Ratpack agus Elvis Presley – ag fáil na milliúin i Las Vegas.

Go deimhin gheobhaidh an banna ilmilliúin euro as a gcuid gigeanna brabúsacha in Las Vegas.

Fógraíodh an nuacht go mbeidh an banna ag seinm sa réimse is nuaí i Las Vegas – an MSG Sphere – i stíl iontach le linn fógra a thit ag leath-am le linn an Super Bowl an deireadh seachtaine seo caite.

U2 1 768x448 1

Thaispeáin an fógra Bono agus na leaids ag féachaint ar suíomh an réimse mar a bhí spásárthach ag ísliú isteach i bhfásach Nevada.

De réir tuairisce sa New York Times, chosain sé $10 milliún an banna a fháil díreach chun an t-ionad, le spáis 17,500 suíochán, a oscailt.

Deirtear go bhfuil costais tógála os cionn $2.2 billiún ar an ionad.

Dúirt foinsí tionscail gur fiú thart ar $1.8billiún an banna cheana féin agus gur féidir leo a bheith ag súil le $10 milliún eile ar a laghad a thuilleamh as an tsraith ceolchoirmeacha a thosóidh ó 29 Meán Fómhair.

Elvis Presley album 768x432 1
Elvis Presley a rinne an-chuid gigeanna i Las Vegas

Mar sin féin, deir na foinsí go bhféadfadh U2 i bhfad níos mó a thuilleamh as a gcuid seónna Vegas.

Díreoidh na ceolchoirmeacha go háirithe ar albam 1991 an bhanna Achtung Baby.

Dúirt an banna: ‘Ní mór dúinn dul ar ais ar an stáitse agus aghaidheanna ár lucht leanúna a fheiceáil arís.’

Ach beidh Bono, The Edge agus Adam Clayton ag seinnt gan an drumadóir Larry Mullen a bhfuil fadhbanna sláinte aige.

Cé gur dhiúltaigh an banna trácht a dhéanamh ar shaincheisteanna sláinte Mullen, thuairiscigh an Washington Post i mí na Samhna seo caite go raibh fadhbanna ag an drumadóir lena mhuineál agus a uilleann a raibh gá le máinliacht (surgery).

Larry Mullen
Larry Mullen: Ní bheidh sé ann

Glacfaidh an drumadóir Ollannach (Dutch) Bram van den Berg áit Mullen sa bhanna go sealadach.

Dúirt an giotáraí The Edge go raibh sé an-tógtha leis na háiseanna ag an MSG Sphere.

‘Smaoinigh muid ar fad air agus bheartaigh muid go mbeadh muid ar buile gan glacadh leis an gcuireadh,’ a dúirt sé.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram