Is ‘person of colour’ mise, a deir Leo, ag dul in ngleic le ciníochas

Tá sé ráite ag Leo Varadkar leis an Dáil gur ‘duine de chine daite’ (person of colour) é féin, agus é ag gealladh gníomhaíócht Rialtais iomlán a chur le chéile chun cur i gcoinne an chiníochais atá ag dul i méid sa tír seo.

Chuir an Taoiseach ar agóidí lasmuigh d’ospidéil ina bhfuil náisiúnaigh ó thar lear ina mbaill foirne mar ‘a new low’.

  Agus d’áitigh sé ar Theachtaí Dála gan leithscéalta a dhéanamh ar son na gciníocha.

Gheall sé dul i ngleic le ciníochas tar éis roinnt léirsithe i gcoinne teifigh.

Tá agóidí ar siúl le seachtainí beaga anuas i bPort Láirge, i gCorcaigh agus i gceantair i mBaile Átha Cliath.

Ag tagairt dó féin mar ‘duine de chine daite’, dúirt an Taoiseach go bhfoilseoidh an Rialtas plean gníomhaíochta náisiúnta in aghaidh an chiníochais an mhí seo chugainn.

Leo Varadkar 2
Leo Varadkar

Chuir sé síos air seo mar ‘iarracht uile-Rialtais’, lena n-áirítear maoiniú chun dul i ngleic le gníomhaíochtaí ciníochais.

‘Cuirfidh na ciníochaithe agus iad siúd i bhfad amach ar an eite dheis an milleán faoi cibé fadhb atá roimh an tír ar imircigh,’ a dúirt sé.

‘Sin mar a oibríonn siad. Sin mar a cheapann siad,’ a dúirt an tUasal Varadkar le Teachtaí Dála.

‘Mar sin má tá géarchéim tithíochta againn, is é “na himircigh atá ag tógáil ár dtithe”. Má bhíonn géarchéim dífhostaíochta againn, is é a bheidh i gceist “tá na himircigh ag glacadh ár bpoist”.

‘Má tá leibhéil arda coireachta againn, cuirfidh siad an milleán ar na himircigh.

‘Má bhíonn foréigean in aghaidh na mban ann cuirfidh siad an milleán sin ar imircigh agus ar dhaoine a tháinig anseo ó thar lear, go háirithe iad siúd atá donn nó gorm.’

Dúirt sé ‘nár cheart dúinn páirt a glacadh le na hargóintí sin’.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram