Faitíos go bhfuil 10,000 duine marbh tar éis dhá chrith talún sa Tuirc agus an tSiria

Tá faitíos go bhfuil suas le 10,000 duine marbh tar éis dhá chrith talún ollmhóra a bhuaileadh ar an teorainn idir an Tuirc agus an tSiria inné.

Chuaigh foirne tarrthála ó ar fud an domhain go dtí an ceantar tar éis deimhniú gur maraíodh níos mó ná 3,000 agus go raibh na mílte eile gafa agus gortaithe.

Bhí faitíos ar na hÚdaráis go leanfadh an líon báis ag méadú agus tarrthóirí ag cuardach trí mhais mhiotail agus choincréite do mharthanóirí i réigiún atá buailte cheana féin le breis agus deich mbliana de chogadh cathartha na Siria agus géarchéim dídeanaithe.

Thug saineolaithe rabhadh go bhféadfadh an tragóid 10,000 duine a mharú de réir mar a bhuailfeadh an dá creathanna – i measc na gceann is cumhachtaí i stair an réigiúin – laistigh de uaireanta óna chéile.

earthquakeTurkey Quake feat 768x448 1

Bhí an chéad crith talún mór de mhéid 7.8 agus bhuail sé lár na Tuirce agus iarthuaisceart na Siria go luath ar maidin.

Agus bhí an dara ceann de mhéid 7.5 in oirdheisceart na Tuirce.

Bhuail an chéad crith sa dorchadas, in aice le cathair Tuircis Gaziantep, ina bhfuil thart ar dhá mhilliún duine agus ar an teorainn leis an tSiria.

Sa Tuirc, ba iad bailte Pazarcık, Nurdağı agus İslâhiye ba ghaire d’eipealár an chreatha. Sa tSiria, tuairiscítear daoine i gcathracha Aleppo, Latakia, Hama agus Tartus a bheith faoi chall.

Tugadh le fios tráthnóna go bhfuil ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh – mar aon le breis agus dhá scór tír eile – le fóirithint ar na húdaráis atá ag cargáil leis an éigeandáil.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram