Brú ar Varadkar tar éis don Bhreatain fiosrúchán a fhógairt faoin mbuamáil san Ómaigh

Tá brú ar rialtas Leo Varadkar imscrúdú a ordú faoi bhuamáil in Ómaigh i 1998, tar éis rialtas na Breataine fiosrúchán neamhspleách a fhógairt.

Mharaigh poblachtánaigh easaontaigh 29 duine, lena n-áirítear bean a bhí ag iompar clainne le cúpla agus gortaíodh na céadta eile san ionsaí in Ómaigh, Contae Thír Eoghain, ar 15 Lúnasa 1998.

Dúirt Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris, i dTeach na dTeachtaí, go bhfuil an fiosrúchán mar fhreagra ar bhreithiúnas Ard-Chúirte 2021 sa Tuaisceart a d’ordaigh do rialtas na Breataine imscrúdú a bhunú ar a cheist: an bhféadfadh eolas seirbhísí faisnéise an pléascadh a chosc roimh réidh.

omagh
Íospartaigh bhuama na hÓmaí (barr, ó chlé) James Barker, Esther Gibson, Seán McGrath, Gareth Conway, Elizabeth Rush, agus (bun, ó chlé) Veda Short, Alan Radford, Bryan White, Brenda Logue, agus Deborah Cartwright. Pic: PA Wire

Thagann an cinne tar éis de Michael Gallagher, fear a bhfuair a mhac Aiden bás sa bhuamáil, cás dlíthiúil a chur ós comhar na cúirte.

Dúirt an tUasal Heaton-Harris: ‘Tá sé ar intinn agam fiosrúchán neamhspleách reachtúil a bhunú ar bhuamáil na hÓmaí.’

Dúirt sé: ‘Díreoidh an fiosrúchán go sonrach ar na ceithre fhoras a mhaígh an chúirt a d’eascair argóintí sochreidte go bhféadfaí an bhuamáil a chosc roimh réidh.’

D’fháiltigh an tUasal Gallagher roimh an bhfógra, ag rá: ‘Thug an Rúnaí Stáit gach rud a d’iarramar air, agus táimid an-bhuíoch as sin.

omagh111
Íospartaigh bhuama na hÓmaí (barr, ó chlé) Fred White, agus Lorraine Wilson agus (bun, ó chlé) Geraldine Breslin agus Oran Doherty. Pic: PA Wire

‘Sílim go mbeidh sé i bhfad ag dul i ngleic liom, leis an bhfíric a rá. Tá súil againn go bhfaighidh muid na freagraí atá ag teastáil uainn agus gur féidir linn bogadh ar aghaidh.’

Dúirt sé gurbh ionann é agus fiosrúchán poiblí.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Simon Harris go bpléifeadh Rialtas na hÉireann cén beart a dhéanfaidh siad tar éis fhógairt Londain.

Agus dúirt an Taoiseach Leo Varadkar: ‘Is dócha go raibh gné thrasteorann leis an gcoiriúlacht seo agus táimid chun suí síos le húdaráis na Ríochta Aontaithe agus oibriú amach conas is féidir linn cur leis sin.

omagh bomb

‘Is cinnte nach bhfaighfear easnamh orainn ó thaobh a chinntiú go ndéanfar imscrúdú iomlán freisin ar aon ghné de seo a tharla inár ndlínse (jurisdiction), ar ár taobh den teorainn agus beidh orainn teacht ar chomhaontú maidir leis na meicníochtaí cearta chun é sin a dhéanamh.’

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go bhfuil fógra an lae inniu ‘mar mheabhrúchán ar an ngá atá le déileáil go héifeachtach le hoidhreacht an ama atá thart’.

Ba é buamáil na hÓmaí, a rinne baill den Fhíor-IRA, an t-ionsaí ba mharfacha sa Tuaisceart le linn na dTrioblóidí. Cé gurbh é buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin ar an 17 Bealtaine 1974 an t-ionsaí ba mharfaí le linn na dTrioblóidí, nuair a phléasc trí bhuama i mBaile Átha Cliath agus phléasc an ceathrú ceann i Muineachán. Mharaigh siad 33 sibhialtach agus gortaíodh beagnach 300.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram