Lydon i deora dá bhean le Alzheimer’s agus é ag ullmhú d’iontrála Eurovision ar an Late Late Show

02/02/2023

Tháinig tocht air John Lydon agus é ag caint faoi a bhean chéile, a bhfuil an galar Alzheimer, ag preasagallamh faoi Eurosong ar an Late Late Show anocht.

Bhris na deoraí ar an t-amhránaí, a bhí ina réalta punc-roc iomráiteach leis na Sex Pistols mar Johnny Rotten, agus é ag moladh a thuismitheoirí Éireannacha freisin.

Tá sé san iomaíocht lena bhanna Public Image Limited le haghaidh deis ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an Eurovision i mí Bealtaine.

EurovisionLate Late Euroong Hopefulls12 1068x623 1
Ryan Tubridy ag ullmhú don Eurovision ar an Late Late Show

Beidh an seisear iomaitheoir ar fad, atá ag iarraidh ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn san Eurovision i Learpholl, ar eagrán speisialta den Late Late Show anocht.

Beidh Lydon, 67, ag casadh amhrán dar teideal Hawaii dá bhean Nora, 80, ar diagnóisíodh go bhfuil Alzheimer uirthi ceithre bliana ó shin.

Ag labhairt dó le tuairisceoirí, mhínigh Lydon, a bhí neirbhíseach, cén fáth ar chinn sé ionadaíocht a dhéanamh ar thír dhúchais a thuismitheoirí.

Dúirt sé: ‘Tháinig an deis aníos, tá sé chomh simplí leis sin. Ní rud éigin é a bheadh beartaithe agam.

‘Scríobh mé amhrán a raibh mé ag iarraidh a bheith go hiomlán tochtmhar (poignant) faoin tubaiste atá ar siúl ag mo bhean chéile. Sílim gur éirigh liom… níl mé cinnte,’ a dúirt sé.

Thuig bean chéile Lydon Nora ‘go domhain’ brí an amhráin, atá ainmnithe i ndiaidh ceann de na háiteanna is fearr leis an lánúin.

EurovisionBrooke1
Ba é Brooke Scullion buaiteoir na bliana seo caite in Éirinn

Dúirt sé: ‘Tá sé an-deacair dom fiú labhairt faoi. Níl a fhios agam cad atá le déanamh agam inniu. Tá mé ar crith anois… ciallaíonn sé an domhan dom.

‘Seo iad ár gcúpla bliain dheireanacha le chéile. Is é an t-aon chumarsáid atá agam léi faoi láthair ná ar iPad. Is breá liom labhairt léi. “I miss my missus”.

Agus é ag caint faoin amhrán dúirt sé: ‘Tá faitíos orm praiseach a dhéanamh de, dul amú air, daoine a ligean síos, Nora a ligean síos don chuid is mó.’

Ghabh Lydon leithscéal as níos mó ceisteanna a fhreagairt, ag rá: ‘Ní féidir liom ullmhú, tá mé go léir “jumpy” anois agus caithfidh mé a bheith an-socair agus bailithe nuair a dhéanaim é seo.’

Rugadh athair Lydon, Jimmy, i nGaillimh, agus tá a mháthair, Eileen Barry, as Carraig Ruacháin (Carrigrohane) i gCorcaigh.

Is iad na hiomaitheoirí a mbeidh ar an Late Late Show anocht:

ADGY (Too Good for your Love),

CONNOLLY (Midnight Summer Night),

Wild Youth (We are One),

Leila Jane (Wild),

K Muni & ND, Kofi Appiah and Nevlonne Dampare (Down in the Rain)

 Public Image Limited (Hawaii).

Beidh an Late Late Show ar siúl anocht ag 9.35pm ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram