Is ar an Late Late Show ar Dé hAoine a dhéanfar an cinneadh maidir le cé atá chun dul go Learpholl in Eurovision na bliana seo ar son na hÉireann.
Beidh seisear iomaitheoir ar an clár agus beidh cead ag an lucht féachana sa bhaile vótáil ar son an amhrán is fearr leo.
Tháinig an Bhreatain sa dara háit i gcomórtas na bliana seo caite ach tugadh na dualgais óstála dóibh nuair nach raibh na buaiteoirí, an Úcráin, in ann an comórtas a óstáil mar gheall ar an ionsaí ar a dtír ag an Rúis.
Leis an lucht féachana ag vótáil beidh siad ag cuidiú le cinneadh a dhéanamh ar cé a dhéanfaidh ionadaíocht dúinn ag Eurovision na bliana seo.
Beidh buaiteoir Eurosong oíche Dé hAoine ag seinm ag an seó os comhair lucht féachana de 160 milliún duine ar fud an domhan.
Roghnófar an buaiteoir de réir na meascán de vótaí ó an Vóta Poiblí, Giúiré Idirnáisiúnta agus Giúiré Náisiúnta.
Is iad na hiomaitheoirí:
ADGY (Too Good for your Love),
CONNOLLY (Midnight Summer Night),
Wild Youth (We are One),
Leila Jane (Wild),
K Muni & ND, Kofi Appiah and Nevlonne Dampare (Down in the Rain)
Public Image Limited (Hawaii).
Roghnaíodh iad as na céadta iontráil a fuair RTÉ, agus beidh siad ar fad ag léiriú oíche Dé hAoine seo chughainn.
‘Beidh clár mór gealgháireach ann Dé hAoine seo,’ a dúirt Ryan Tubridy roimh an seó.
‘Réaltaí móra, daoine móra agus ionchais mhóra mar d’fhéadfadh sé seo a bheith mar sheans ag Éirinn a teideal mar bhuaiteoirí Eurovision a fháil ar ais.
‘Mar sin, déarfainn bígí réidh le haghaidh cóisir agus bígí linn.'
Ní seó Eurovision a bheadh ann murach Marty Whelan – agus an tráchtaire Éireannach ag gabháil do gach nuacht chúl stáitse agus spleodar i rith na hoíche, i Seomra Glas an Late Late Show, agus beidh painéal saineolaithe Eurvision in éineacht le Ryan.
Rachaidh an t-amhrán roghnaithe ar aghaidh ansin chun ionadaíocht a dhéanamh ag an gcomórtas, a bheidh ar siúl i Learpholl ó 9 Bealtaine go dtí 13 Bealtaine.
Beidh Éire sa chéad bhabhta leathcheannais Dé Máirt, 9 Bealtaine, agus má éiríonn linn, beidh siad san iomaíocht sa bhabhta ceannais ar an Satharn, 13 Bealtaine.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.