Tá sé ráite ag an Taoiseach leis an Dáil go ‘gcaithfeadh go raibh sé curtha ar an eolas’ faoi straitéis dlí an Stáit maidir le táillí tithe altranais. Dúirt sé go raibh an polasaí fónta (sound) agus an straitéis dlisteanach (legitimate).
Tagann sé seo i ndiaidh tuairiscí ar straitéis stáit chun srian a chur ar íocaíochtaí do theaghlaigh ar gearradh an iomarca orthu as cúram teach altranais.
Chuir ceannaire Shinn Féin i leith an Stáit as iallach a chur ar dhaoine scothaosta íoc as cúram teach altranais.
Dúirt Mary Lou McDonald go raibh rialtais i ndiaidh a chéile tar éis dul i mbun straitéis cruachroíoch agus a fhios acu gurbh iad na daoine is boichte a mbeadh thíos leis.
Tagann sé seo tar éis conspóide atá ag dul i méid faoi straitéis an stáit maidir le déileáil le roinnt othar scothaosta agus leochaileacha agus an méid a bhí ar eolas ag airí agus iar-airí faoi.
Tá an Rialtas á cheistiú faoi an méid a bhí ar eolas ag polaiteoirí faoi straitéis Stáit chun cur in aghaidh éilimh ó dhaoine a chreid gur gearradh táille mícheart orthu féin, nó ar ghaolta, as cúram tí altranais.
Thosaigh an chonspóid is déanaí nuair a thuairiscigh an Irish Mail on Sunday go raibh íocaíochtaí rúnda do theaghlaigh a raibh an iomarca táille orthu as cúram teach altranais.
Thuairiscigh go raibh ionchas (prospect) €12billiún dliteanais (liability) mar chúiteamh ar an Stát do na céadta mílte teaghlach ar cúisíodh go mícheart iad as cúram a muintire thar 30 bliain.
Thuairiscigh freisin go raibh a fhios ag roinnt iar-airí agus airí reatha faoi.
Mar sin féin, dúirt an tUasal Varadkar le The Pat Kenny Show ar Newstalk Dé Luain nach raibh sé ‘riamh ina pháirtí i straitéis dlí a cheapadh nó a chomhaontú maidir le táillí tithe altranais’.
Ansin dúirt sé leis an Dáil inné (Dé Máirt) go ‘gcaithfeadh go raibh sé curtha ar an eolas’ faoi.
Agus rinne sé cur síos air mar ‘sound policy approach and a legitimate legal strategy’.
Dúirt sé go raibh an smaoineamh gur chuir rialtais cosc ar dhaoine a fháil aisíocaíochtaí a raibh siad i dteideal ‘far fetched’.
Dúirt an tUasal Varadkar go mbeadh sé aontaithe leis an straitéis dlí dá n-iarrfaí air é sin a dhéanamh.
Dúirt sé: ‘Níl a fhios agam go sonrach ar iarradh orm síniú le leanúint ar aghaidh leis, ach mar a dúirt mé: dá n-iarrfaí, bheadh orm é a dhéanamh mar is cur chuige fónta é mar bheartas é seo agus straitéis dhlisteanach dlíthiúil ag an Rialtas.’
Dúirt an tUasal Varadkar leis an Dáil inné (Dé Máirt) go raibh an figiúr de €12 billiún as dáta agus nár tháinig sé i gcrích.
Dúirt sé: ‘Ba é an straitéis ná na cásanna a bhaineann le tithe altranais príobháideacha a chosaint ar fhorais éagsúla, go háirithe nach raibh sealbhóirí cárta leighis i dteideal cúram i dteach altranais príobháideach saor in aisce.
‘Ní raibh sé mar pholasaí ag an Rialtas ná ag an Oireachtas a leithéid de theidlíocht a chruthú.’
Dúirt an tUasal Varadkar go ‘gcaithfeadh go raibh sé curtha ar an eolas’ leis an straitéis dlí.
‘Is féidir liom a rá gur ceapadh agus gur comhaontaíodh an polasaí agus an straitéis sular tháinig mé mar Aire Sláinte.’
D'fhreagair Ms McDonald go raibh na táillí mídhleathach agus gur bhrúigh siad daoine i mbochtaineacht.
‘D’ainneoin comhairle dhlíthiúil chomhsheasmhach arís agus arís eile go raibh na táillí sin mídhleathach, lean an rialtas ag cur iallach ar dhaoine leochaileacha íoc as. Chruthaigh sé sin fíor-chruatan airgeadais agus bhrúigh sé go leor daoine i mbochtaineacht agus iad ag streachailt leis na táillí a íoc,’ a dúirt sí.
Tiocfaidh Coiste Sláinte an Oireachtais le chéile chun an cheist a phlé, agus is dócha go n-iarrfaidh roinnt Teachtaí Dála ón bhfreasúra go n-iarrfadh ar iar-airí sláinte, an tUasal Varadkar ina measc, teacht os comhair an choiste an tseachtain seo chugainn.
Chuala an Dáil go bhfuil an tArd-Aighne anois ag ullmhú tuarascála don Rialtas ar an ábhar agus foilseofar í tar éis di dul faoi bhráid na Comh-Aireachta an tseachtain seo chugainn.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.