Fear, 32, gafa don dara huair maidir le dúnmharú Natalie McNally

01/02/2023

Tá fear atá 32 bliain d’aois gafa don dara huair maidir le dúnmharú Natalie McNally.

Bhí Ms McNally, a bhí 32bliain d’aois, 15 seachtain ag iompar clainne nuair a chailleadh é de bharr a sháite (stabbed to death) ina teach i gContae Ard Mhacha.

Tá an fear, a gabhadh roimhe ar an 19 Nollaig, gafa arís tráthnóna inniu (Dé Máirt), tá sé deimhnithe ag an PSNI.

‘Tá bleachtairí atá ag fiosrú dhúnmharú Natalie McNally i Lurgan ar 18 Nollaig 2022 inniu, 31 Eanáir, agus gabhadh fear atá 32 bliain d’aois i gceantar Lurgan,’ a dúirt an PSNI i ráiteas. ‘Gabhadh é ar an 19 Nollaig roimhe sin.

‘Tógadh é chuig Suite Coireachta Tromchúiseach (Serious Crime Suite), áit a bhfuil bleachtairí á cheistiú.’

Natalie McNally 2 1 480x672 1

Léirigh marú Ms McNally fearg agus frustrachas i measc na mban, agus d’fhreastail breis agus 1,000 duine ar mháirseáil in onóir Ms McNally ag iarraidh deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban.

Ag labhairt dó ag an mórshiúl, chuimhnigh deartháir Ms McNally, Brendan, uirthi mar dhuine iontach, agus dúirt sé go raibh an foréigean in aghaidh na mban ina sciúirse (scourge) ar an tsochaí.

‘Duine iontach ba ea Natalie,’ a dúirt an tUasal McNally Dé Sathairn. ‘Ó trí bliana d’aois, bhí sí ina cónaí le cineál diaibéiteas chineál 1. Mar sin féin, is teist fós dá carachtar nach raibh srian uirthi riamh maidir lena raibh sí ag iarraidh a bhaint amach sa saol.

‘Bhí áthas uirthi a bheith ina máthair don chéad uair. Is inspioráid iontach í Natalie do dhuine óg ar bith a bhfuil diaibéiteas air/uirthi i dTuaisceart Éireann.’

‘Tá foréigean in aghaidh ban agus cailíní ar cheann de na sciúirsí móra inár sochaí.

natalie mcnally rally 1 1168x681 1

‘Tá sé in am againn a aithint nach féidir linn ár scíth a ligean go dtí go mbeidh deireadh le ionsaithe in aghaidh na mban.’

Chuimhnigh deartháir eile di, d’arb ainm Declan, ar a dheirfiúr freisin, agus é ag taispeáint físeán don slua ,a léirigh sleachta dá saol.

‘Is montáis (montage) de chuimhní cinn Natalie é an físeán seo agus chuir páirtí grámhar Natalie é le chéile,’ a dúirt Declan. ‘Coimeád páirtí Natalie i do chuid smaointe agus paidreacha, le do thoil. Seo mar a theastaíonn uainn go gcuimhneofaí ar Natalie: Duine álainn, grámhar.’

Dúirt tuismitheoirí Ms McNally go raibh siad dóchasach go mbrisfeadh an ‘rally’ coinsias duine a bhfuil eolas aige faoi dhúnmharú a hiníne.

Dúirt Bernie McNally: ‘Ba mhaith linn go rachaidh cuimhne Natalie ar aghaidh agus go gcuimhneofaí uirthi, agus go gcuimhneofaí ar na mná go léir a fuair bás. Bhí a saol is fearr á caitheamh aici, sin an rud ba mhaith linn a mheabhrú sa bhrón agus an brón seo go léir.’

Dúirt Noel McNally: ‘Tá sé an-fhrustrach ach tá a fhios againn go bhfuil gach rud á dhéanamh ag na póilíní. Tá gach muinín againn go bhfaighidh siad an duine seo.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram