Captaen thar cionn: Léiríonn Patrick McBrearty bealaí buaiteach in aghaidh na seaimpíní, Ciarraí

Bhí trioblóidí ag Dún na nGall le déanaí ach léirigh Patrick McBrearty an chúis go bhfuil an ról mar chaptaen tuillte aige, nuair a scóráil sé pointe iontach chun bua cáiliúil a fháil ar sheaimpíní na hÉireann, Ciarraí, inné.

Lig Dún na nGall do Chiarraí cúl éasca a scóráil sa chéad leath ach bhí siad láidir go leor sa dara leath chun Ciarraí a choinneáil amach, agus a gcéad chluiche i Roinn 1 Sraithe Allianz i mbliana a bhuachan.

Bhí an captaen nua McBrearty ciúin don chuid is mó den chluiche ach le ceann de na ciceanna a bhfuil cáil air a glacadh, fuair sé an pointe deireadh chun an cluiche a bhuachan do Dhún na nGall.

Beidh bainisteoir nua Dhún na nGall Paddy Carr sásta, go háirithe mar tá laoch Dhún na nGall Michael Murphy imithe ón bhfoireann agus triúr imreoirí nua tosaithe. Ba iad sin Mark Curran, Caolan McColgan agus Johnny McGroddy, agus tháinig imreoir nua eile, Luke McGlynn, chun cinn sa dara leath.

paddy carr38
Paddy Carr

Mar sin féin, ní raibh aon duine de na tosaithe a bhí ag Ciarraí inne ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann a bhuaigh siad anuraidh, agus bhí an bheirt Clifford in easnamh.

Ní raibh an t-ádh le Dún na nGall sa chéad leath ach bhí an bua acu ar deireadh, agus beidh díomá ar sheaimpíní na hÉireann lena gcuid iarrachtaí. Níor scóráil siadsan ach trí phointe sa 50 nóiméad deiridh den chluiche.

B’fhéidir go mbeadh Ciarraí ag iarraidh an milleán  a chur ar easnamh a gcuid réalta ach bhí neart réaltaí ar an bpáirc dóibh, ina measc na deartháireacha eile Killian agus Adrian Spillane, Micheal Burns, Dara Moynihan agus Tony Brosnan.

Bhí Mike Breen agus Paul Murphy leo freisin.

Bhí Ciarraí tar éis iad féin a shocrú sa chéad leath chun an cluiche seo a bhuachan, agus bhí siad trí phointe chun cinn ag an gcéim sin. Ach ag tús an dara leath bhi cúpla cic amú acu agus chiceáil Dún na nGall pointí ó Dháire Ó Baoill, Conor O’Donnell, Jamie Brennan agus an t-ionadaí Luke McGlynn.

paulMurphyKerry6
Paul Murphy

Ansin scóráil Paul Murphy pointe do Chiarraí agus bhí na foirne ar chomhscór. Ina dhiaidh sin chuir Shaun Patton Dún na nGall chun tosaigh ó ‘45’ agus le 10 nóiméad le dul bhí na foirne ar chomhscóir arís le pointe ó Ruairí Murphy.

Le cúig nóiméad fágtha chuir an t-imreoir nua Caolan McColgan Dún na nGall chun tosaigh, agus in am breise bhuail Donal O’Sullivan an liathróid thar an barra chun iad a chur ar comhscór arís.

Ba ag an bpointe sin a léirigh captaen Dhún na nGall, McBrearty, a cháilíocht réalta. Sheas sé suas go dtí an marc agus chuir sé an liathróid thar an mbarra chun bua cáiliúil a thabhairt dá fhoireann ar sheaimpíní na hÉireann.

Lá Dhún na nGall a bhí ann ach ba é an chéad lá den sraithe é agus tá an tuar ar fad ag Ciarraí a bheith ina Seaimpíní na hÉireann i mbliana freisin.

Cé go mb’fhéidir gur ábhar difriúil a bheidh sa tsraith.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram