Ionsaí ar Micheál Martin ó Aire na hIodáile faoi ‘cancer warning’ ar alcól

Tá ionsaí déanta ag aire gnóthaí eachtracha na hIodáile ar Éirinn as rabhadh ailse (cancer warning) a thabhairt d’óltóirí alcóil.

Mhaígh Antonio Tajani, atá ina leas-phríomh-aire ar an Iodáil freisin, fiú gur ‘ionsaí’ a bhí sa tionscnamh sláinte (health initiative) ar oidhreacht (heritage) a thíre, toisc go mbeadh an rabhadh ar lipéid bhuidéil fíona freisin.

‘Is ionsaí é ar réim bia na Meánmhara (Mediterranean diet), atá mar chuid bhunúsach dár ngeilleagar,’ a dúirt an tUasal Tajani.

Alcohol Labels 3

‘Is cuid dár bhféiniúlacht (identity) é freisin. Ní féidir ár bhféiniúlacht a shaobhadh (perverted)… tá an ceart ann ár gcóras eacnamaíoch a chosaint.’

Is polaiteoir sinsearach é an tUasal Tajani ó pháirtí Forza Italia de Silvio Berlusconi, agus tá sé mar chuid de rialtas an phríomh-aire Giorgia Meloni, atá i bhfad amach ar an eite dheis.

Is mór-tháirgeoir fíona í an Iodáil, áit ar cháin tionscal cumhachtach an fhíona comhairle sláinte na hÉireann. Tá eagla orthu go leagfaidh sé fasach (precedent) laistigh den Aontas Eorpach agus go ndéanfaidh sé dochar do dhíol fíon na hIodáile.

micheal 5
Micheál Martin

Dúirt an tUasal Tajani gur bhuail sé leis an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin faoin gceist.

‘Mhínigh mé dó cé chomh dainséarach atá an teachtaireacht a thagann ó Bhaile Átha Cliath,’ a dúirt sé.

Dúirt an tUasal Tajani: ‘Creidim gur cheart don Choimisiún idirghabháil a dhéanamh agus rialacha tíre a thabhairt ar ais de réir rialacha an mhargaidh aonair.’

Níor chuir an Coimisiún Eorpach i gcoinne phleananna lipéadaithe na hÉireann, in ainneoin na n-agóidí ó bhallstáit mhóra an AE a tháirgeann fíon.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram