B’fhéidir nach raibh sé chomh gasta lena bheirt dheartháir ar pháirc an CLG – ach bhí Paul Brogan ‘steamy and hot’ ar Dancing With The Stars.
Chuir samba an iar-pheileadóir Bhaile Átha Cliath an croí ag preabadh, a dúirt lucht leanúna an seó damhsa.
Mhol úsáideoir Twitter amháin: ‘Beidh cith fuar (cold shower) ag teastáil ón mbeirt seo ina dhiaidh’.
Dúirt duine eile: ‘Dá mbeadh cromáin (hips) Salome agam ní dhéanfainn tada le mo lá ach iad a chroitheadh timpeall na háite’.
Ba thagairt é sin do Salome Chachua, páirtí rince Brogan.
Bhí na breithiúna, áfach, níos cliniciúla le linn an dara seachtain den seó.
Mhol Art Gourounlian Brogan agus a pháirtí.
Ach dúirt Brian Redmond go raibh céimeanna bochta áirithe faoi cheilt sa ‘thrusting’ go cliste a bhí ar siúl acu.
Ba iad an t-amhránaí Eorvision Brooke Scullion agus a páirtí Maurizio Benenato an chéad phéire amuigh ar an urlár rince. Riine siad taifead nua an tseachtain seo caite leis an scór is airde riamh.
An tseachtain seo, fuair a ‘quickstep’ chuig Girls Aloud 23 pointe.
Dúirt an breitheamh Brian Redmond leis an aisteoir Damian McGinty go raibh a salsa ‘cosúil le sangria ar leaba gréine – iontach ar an leath uachtarach, ach bhí an chuma ar an leath íochtair go raibh gaineamh i do bristí agat’.
Rinne iar-Phaiteolaí Stáit an Dr Marie Cassidy an tangó ach dúirt: ‘Tá na céimeanna ar fad ann, ach b’fhéidir nach bhfuil siad ar fad san áit cheart.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.