Suas le 20% gearrtha ó phraghas charranna leictreacha Tesla

Tá Elon Musk tar éis praghas charranna leictreacha Tesla sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip a ghearradh faoi suas le 20%.

Cé nach bhfuil na praghsanna is déanaí ar fáil in Éirinn go fóill, tá laghduithe ollmhóra praghais sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus sa Bhreatain.

Tá laghdú praghais na Stát Aontaithe ar an Múnla (Model) 3 sedan agus Múnla Y crossover SUV, idir 6% agus 20%, de réir Reuters. Ghearr Tesla praghsanna freisin as a SUV ‘luxury crossover’ Múnla X agus Múnla S sedan sna Stáit Aontaithe.

elon musk
Elon Musk

Sa Ghearmáin, ghearr Tesla praghsanna ó 1% go beagnach 17% ar an Múnla 3 agus ar an Múnla Y.

Cosnóidh an Múnla Y, atá an-tóir air, €44,890 anois ansin, is é sin laghdú €9,100. Laghdaigh sé praghsanna san Ostair, san Eilvéis agus sa Fhrainc freisin.

Sa Fhrainc, gheobhaidh custaiméirí a cheannaíonn Múnla 3 ar €44,990 laghdú breise anois, mar gheall ar fhóirdheontas (subsidy)  rialtais de €5,000. Sa Bhreatain bhí an lascaine (discount) is mó ar an Múnla Y Performance, agus laghdaíodh an praghas beagán os cionn £9,000, ó £69,000 go £59,990.

Seolfaidh an cinneadh seo ó Tesla teachtaireacht tríd an tionscal, agus an branda préimhe ag cur in iúl go bhfuil sé anois don ghnáthdhuine – agus d’fhéadfadh go dtiocfadh laghduithe ar phraghsanna ó dhéantóirí gluaisteán eile dá bharr.

Tháinig lascainí ar fud mhargaí na hÁise an tseachtain seo caite freisin, áit a bhfuil iomaíocht tionscail thar a bheith dian.

Tagann an cinneadh, a spreag titim 6% i scaireanna (shares) Tesla le linn trádála go luath i Nua-Eabhrac, tar éis don chuideachta feidhmíocht trioblóideacha a fhulaingt ar Wall Street anuraidh, áit ar thit a scaireanna 65%.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram