Cé chomh maith is atá do chuid Gaeilge? Ar mhaith leat a bheith in ann níos mó a léamh as Gaeilge? Bhuel, is chuige sin atá ExtrG.ie ar an saol. Idir an dá linn, ar a laghad, níl do Ghaeilge chomh dona leis na réaltaí Love Island.
Ar oíche Dé Céadaoin, d’fhág siad an Villa grianmhar in a ndiadh chun teacht chuig cóisir Nollag sa fuacht agus báisteach i mBaile Átha Cliath
Agus bhí ExtraG.ie ann chun iad a cheistiú faoina scileanna Gaeilge.
Is féidir leat a fheiceáil cé chomh maith agus a bhí siad ar an bhfíseán Tik Tok seo:
Bhí an ócáid á óstáil ag an gcomhlacht éadaí, Pretty Little Thing, le Gemma Owen, Dami Hope, Danica Taylor, Indiyah Polack agus Chyna Mills, agus go leor eile, in The Grafton Hotel, chun spraoi a bheith acu…. agus Cúpla Focal a labhairt le ExtraG.ie.
Thug ExtraG.ie tasc simplí d’iomaitheoirí (contestants) na bliana seo: Nollaig Shona as Gaeilge a ghuí ar ár léitheoirí.
Cé nár thuig chuid de na hiomaitheoirí go bhfuil a dteanga dhúchais féin ag Éirinn fiú – is léir nach raibh Dami ag déanamh a dhóthain ionadaíochta (enough representation) sa Villa – rinne siad a ndícheall.
Bhí Indiyah thar barr ar an oíche, agus an bhean 23 bliain d’aois ag cruthú go bhfuil sí réidh le séasúr na saoire a chaitheamh le teaghlach a leannáin, ag fógairt Nollaig Shona gan stró.
Ghlac ‘Danica from HR’ (mar a bhfuil aithne ghrámhar uirthi) an dúshlán gan stró freisin, agus í ag rá ‘Nollaig Shona’ beagnach foirfe ar a céad iarracht.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.