Manchester United i gcainteanna le Rashford agus De Gea faoina dtodhchaí leis an gclub

24/12/2022

Tá Manchester United i mbun cainteanna le cuid dá imreoirí sinsearacha, lena n-áirítear Marcus Rashford agus David De Gea, faoina dtodhchaí leis an gclub Premier League.

Tá ceannairí an chlub ag iarraidh roinnt conarthaí a shíneadh ar feadh bliana amháin.

Chomh maith le Rashford, tá Luke Shaw, Diogo Dalot agus Fred ina measc. Is do shéasúr 2023-2024 amháin a bheadh na conarthaí dóibh.

Tuigtear nach bhfuil an beart céanna déanta do chonradh David De Gea, agus tá an club i mbun cainteanna dearfacha le cúl báire na Spáinne faoi shocrú nua.

degea4 768x448 1
David de Gea Pic: ANDY RAIN/POOL/AFP via Getty Images

Tá an tosaí rathúil Rashford nasctha le Paris St Germain. Ach is é príomhscórálaí Manchester United an séasúr seo, le hocht gcúil i ngach comórtas, agus fuair sé trí chúil  freisin le linn chluichí Shasana a thug chuig na babhtaí ceathrú ceannais de Chorn an Domhain i Catar iad.

Tar éis dó teacht amach as acadamh Manchester United in 2015-16, tá 101 cúl san iomlán faighte ag an imreoir, atá 25 bliain d’aois, i 322 cluiche don chlub.

D’imir Shaw – ball eile de scuad Shasana i Catar – 228 uair do United tar éis dó teacht isteach ó Southampton in 2014. Tá an t-imreoir Portaingéile Dalot agus imreoir na Brasaíle Fred araon leis an gclub ó 2018.

Níor roghnaíodh De Gea ag a thír do Chorn an Domhain. Thosaigh sé le Manchester United 11 bliain ó shin agus d’imir sé i níos mó ná 500 cluiche dóibh.

Tuairiscíodh go bhféadfadh go gciallódh beart nua don imreoir, atá 32 bliain d’aois, go mbeadh air ciorrú mór a bhaint as a phá reatha, sé sin £375,000 sa tseachtain.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram