Maraíodh triúr agus gortaíodh triúr eile i ionsaí ‘racially motivate’ i Paris

23/12/2022

Maraíodh triúr agus gortaíodh triúr eile, duine amháin go criticiúil, i lámhach ag ionad cultúrtha Coirdíneach (Kurdish) i Paris, a dúirt an rialtas ansin go raibh an chuma air go raibh smaointe ciníoch (racially motivate) ann.

Thuairiscigh, san nuachtán Le Parisien, gur lámhach fear, 69 bliain d’aois, ar ghrúpa daoine ag ionad Ahmet-Kaya, ar Rue d’Enghien, san 10ú arrondissement Dé hAoine.

Cuireadh lámhaigh freisin ag gruagairí agus bialanna ar an tsráid, a dúirt méara an arrondissement, Alexandra Cordebard, le BFM TV. Ghortaíodh an ‘suspect’ agus tugadh chun an ospidéil é.

Paris Shooting 1 768x448 1

Dúirt ionchúisitheoirí (prosecutors) gur ghabh na póilíní an gunnadóir líomhnaithe, (alleged gunman) a raibh ciontuithe roimhe seo as ionsaí agus seilbh arm mídhleathach, agus gur ghabh siad arm go luath i ndiaidh an lámhach.

Dúirt Le Monde gur baill den phobal Coirdíneach (Kurdish) iad na híospartaigh (victims) agus go bhfuair siad bás laistigh agus os comhair an ionaid chultúrtha.

Tharla an lámhach ag am go bhfuil Páras ar bís le gníomhaíocht roimh dheireadh seachtaine na Nollag.

Tá rabhadh tugtha ag roinn póilíneachta Pháras anois do dhaoine fanacht amach ón gceantar.

Dúirt an t-ionchúisitheoir i bPáras, Laure Beccuau, go bhfuil triúr a buaileadh sa lámhach básaithe, go bhfuil duine amháin i riocht criticiúil agus go bhfuil beirt eile san ospidéal le gortuithe nach bhfuil chomh tromchúiseach.

Gortaíodh an t-ionsaitheoir san aghaidh freisin, a dúirt sí.

Dúirt sí go bhfuil ionchúisitheoirí frithsceimhlitheoireachta (anti-terrorism prosecutors) i dteagmháil le himscrúdaitheoirí, ach nach bhfuil aon chomhartha de chúis sceimhlitheoireachta curtha in iúl aici.

Chuir urlabhraí don ionad, Agit Polat, i leith údaráis na Fraince, áfach, ‘gur theip arís orthu sinn a chosaint … dúinne, is ionsaí sceimhlitheoireachta é seo’.

In 2013, fuarthas triúr ban-ghníomhaithe Coirdíneacha, lena n-áirítear Sakine Cansiz – bunaitheoir Pháirtí na nOibrithe Coirdis, nó PKK – lámhaigh marbh ag ionad Coirdíneach i bPáras.

Cúisíodh saoránach Turcach as a marú, cé gur thit amhras freisin ar sheirbhís faisnéise na Tuirce.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram