Borradh €75,000 le haghaidh ‘first-time buyers’ ag teacht

Tabharfar borradh €75,000 do cheannaitheoirí den chéad uair (first-time buyers) san Athbhliain, chun cabhrú leo a dteach a cheannach.

Tá sé seo ag tarlú mar go bhfuil an Rialtas ag ardú an uasteorainn praghais (price ceiling) do scéim tithíochta sa chuid is mó den tír.

Ach tá rabhadh tugtha ag lucht cáinte an ‘First Home Scheme’ de chuid an Rialtais – sé sin an scéim ‘shared equity’ – go bhféadfadh an €400 milliún a cuirfear ar fáil na ‘praghsanna a ardú’.

Feicfear méaduithe idir €25,000 agus €75,000 i 30 limistéar mar gheall ar na hathruithe ar na huasteorainneacha praghais don scéim.

homesCouple Viewing Property

I naoi gcontae, tá an uasteorainn ardaithe faoi €75,000 – i bhfad níos airde ná an meánluach margaidh i réimsí áirithe – rud a chiallaíonn go mbeidh na mílte ceannaitheoir den chéad uair in ann teach a cheannach, má tá éarlais (deposit) bheag acu.

Deir cáinteoirí, áfach, gur fíorbheagán tithe a cháileoidh don scéim, mar nach bhfuiltear ag súil ach le 28,000 teach nua a bheith críochnaithe an bhliain seo chugainn.

Agus táthar ag súil go mbeidh an chuid is mó díobh sin ceannaithe ag ‘buy-to-let funds’, ag údaráis áitiúla agus ag ceannaitheoirí an dara háit, rud a fhágann nach mbeidh mórán ag dul chuig an margadh oscailte.

Dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien, áfach, go bhfuil an scéim ‘ag déanamh fíordhifríocht do na daoine a d’úsáid é cheana féin, chun teach a cheannach, agus táim ag súil go mbeidh na mílte eile in éineacht leo in 2023 agus ina dhiaidh’.

Tá beagnach 2,000 duine tar éis iarratas a dhéanamh ar an scéim cheana féin agus tá os cionn 500 glactha ar fud 23 contae sna chéad trí mhí, ó Iúil go Meán Fómhair.

Dúirt Lorcan Sirr, léachtóir sinsearach le tithíocht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath: ‘Thabharfadh an stair le fios go n-ardóidh sé praghsanna. Tá an t-éileamh ag méadú agus an soláthar á laghdú; is dóichí go dtiocfaidh ardú ar phraghsanna as sin.’

Ach dúirt Keith Lowe, ó ghníomhairí eastáit DNG: ‘Ciallaíonn sé go mbeidh níos mó daoine nach bhfuil in ann tithe a cheannach faoi láthair in ann iad a cheannach.

‘Osclaíonn sé an doras níos faide d’úinéireacht tí.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram