‘Cosúil le zón cogaidh’: Gardaí armtha ar na sráideanna i mbaile Luimnigh tar éis cathanna foréigneacha

21/12/2022

Tá baile i gCo. Luimnigh ‘cosúil le zón cogaidh’ mar gheall ar foréigin ar na sráideanna, a dúirt muintir na háite, agus bhí gardaí armtha amuigh ar na sráideanna i Ráth Caola (Rathkeale) oíche Dé Luain tar éis ionsaithe foréigneacha idir grúpaí éagsúla.

Scriosadh roinnt feithiclí i dteagmhais reithe (ramming incidents), agus líomhnaítear gur úsáideadh machetes, nuair a rinne gardaí iarracht ord a chur ar ais.

Mhol comhairleoir áitiúil Fhianna Fáil Kevin Sheahan, iar-gharda é, gur cheart do ghardaí a gcumhachtaí ar fad a úsáid chun síocháin a thabhairt ar na sráideanna, ‘batons’ san áireamh.

‘Tá an baile mar a bhuail buama é. Tá na daoine seo imithe as smacht,’ a dúirt foinse áitiúil.

Tá ar a laghad trí ghrúpa ar leith páirteach i gcontúirt áitiúil. Dúirt foinsí go bhfuil eagla orthu go mbeidh daoine gortaithe go dona nó níos measa dá bharr.

Rathkeale 7 480x672 1

Dúirt foinsí go bhfuil buíon atá bainteach le teaghlach coireachta tar éis iarracht tailte agus réadmhaoine a thógáil ó mhuintir na háite, agus go bhfuil siad ag cuir an áit trína chéile le roinnt seachtainí anuas.

Chuir an Comhairleoir Sheahan imní in iúl faoi fhoréigean na Nollag trí seachtaine ó shin. Agus dúirt sé gur tugadh foláireamh pearsanta dó go raibh sé i mbaol ó cheann de na grúpaí foréigneacha mar gur ardaigh sé an cheist ag cruinniú de chomhairleoirí áitiúla.

Dúirt muintir na háite go raibh an baile thar a bheith teann le cúpla seachtain anuas, tar éis do ghardaí airm a ghabháil ag réadmhaoin sa bhaile.

Rathkeale 5 480x672 1

Tuairiscítear gur lámhachadh urchair i gcarr, rinne fir ionsaí ar theach soghluaiste ag caitheamh balaclavas agus a raibh ‘slash hooks’ acu, agus gortaíodh garda go dona in eachtra ‘ramming’.

Cuireadh obráid ar an nGarda a gortaíodh ach tá sé tar éis filleadh ar dualgas ó shin, a dúirt foinsí áitiúla.

Thug an Comhairleoir Sheehan foláireamh ag cruinniú den chomhairle áitiúil an mhí seo caite go bhfuil ‘dlí agus ord imithe amach an fhuinneog’ i Ráth Caola.

D’iarr sé féin agus daoine eile go mbeadh níos mó gardaí i láthair ar an mbaile, agus iad ag súil le tuilleadh foréigin thar thréimhse na Nollag.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram