Raic mór faoi Fairytale of New York ar an Late Late Show

19/12/2022

Cosúil le bronntanais, maisiúcháin agus turcaí, is traidisiún Nollag é anois… bhí raic mór faoi Fairytale of New York ar an Late Late Show aréir.

Chuaigh lucht féachana an seó ar na meáin shóisialta le fearg aréir, chun a déistin (disgust) a roinnt faoi clúdach Imelda May agus Glen Hansard ar amhrán clasaiceach na Pogues.

Agus mura bhfuil an leagan seo cloiste agat, tá am fós ann le bheith páirteach sa tsraith trí chliceáil ar an nasc Twitter anseo chun chuid de a chloisteáil:

Chuir na ceoltóirí Éireannacha stíl nua ar an amhrán Nollag, ar a raibh Shane MacGowan agus Kirsty MacColl mar amhránaithe ar dtús, don eagrán seo le haghaidh clár speisialta na Nollag den Late Late.

Ach ní raibh Mórán de na lucht féachana teilifíse tógtha leis an leagan seo.

Nar is gnáth le ‘Irish Twitter’, ní raibh ach nóiméad nó dhó imithe tar éis don amhrán a bheith ar an air, sula raibh na ‘memes’ ag teacht amach go tapaigh.

fairytaleImelda May2
Imelda May ag malartú an fhocail ‘f*gg*t’ le haghaidh ‘cr*ckhead’

Agus d’éiligh go leor dóibh siúd a bhí ar na meáin shóisialta go rinne an beirt amhránaithe sléacht ar amhrán clasaiceach na hÉirinn.

Ar Twitter, mar shampla, roinn go leor daoine a n-aimhleas ar an gclúdach nua se, le húsáideoir amháin ag scríobh; ‘Agus an tseachtain seo ar CrimeCall chonacthas fear le féasóg agus bean le glib (fringe)  ag dúnmharú ‘Fairytale of New York’ os comhair lucht féachana beo sa stiúideo.’

Aontaigh breathnóir eile leis an meon sin agus dúirt:  ‘An bhfuil aon choibhéis ceoil (musical equivalent)  ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig? Tá ainghníomh (atrocity) díreach feicthe againn.’

fairytale Glen hansard Late Late Show Busk For Simon 7
Glen Hansard

Cé gur mheas go leor gur tragóid í an leagann seo den amhrán , bhí daoine eile míshásta leis an athrú lyric, agus Imelda ag malartú an fhocail ‘f*gg*t’ le haghaidh ‘cr*ckhead’ sa líne conspóideach.

‘Dhá eejits ag déanamh eejits níos mó díobh féin trí gan an t-amhrán féin a chanadh,’ a scríobh breathnóir amháin, agus dúirt duine eile; ‘Féadfaidh Imelda scairt as agus d’athraigh sí na liricí…dáiríre F off’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram