Letterman ag bualadh le Bono agus Bliss do Lá Fhéile Pádraig luath

19/12/2022

Bhí an ‘celebrity host’ David Letterman le feiceáil i mBaile Átha Cliath le Bono, Imelda May, Glen Hansard agus Panti Bliss le cúpla lá anuas.

Tá sé anseo chun réamhthaifeadadh a dhénamh de chlár speisialta Lá Fhéile Pádraig dá sheó Netflix ‘My Next Guest Needs No Introduction’.

Tháinig siad le chéile i dteach tábhairne cáiliúil McDaids. Agus bhí roinnt daoine ag magadh faoin hata dubh olla a bhí á chaitheamh ag Letterman sa teach tábhairne, a bhí comhionann leis an gceann a bhí á chaitheamh ag The Edge, a bhí in aice leis.

D’fhéadfadh daoine Letterman agus U2 a fheiceáil ag siúl ar Shráid Grafton, agus líon mór foirne slándála timpeall orthu. Dúirt bean amháin as Tír Eoghain go ndearna sí iarracht lámh Bono a chroitheadh ach ar an drochuair ní raibh cead aici é sin a dhéanamh.

LEtterman 720x420 1
Bono, The Edge agus David Letterman i McDaids

Deirtear go bhfuil Netflix ag úsáid Amharclann an Ambassador i mBaile Átha Cliath le haghaidh seó speisialta U2, agus Bono mar an príomh-agallaí don seó le haghaidh Lá Fhéile Pádraig, ina labhróidh sé ar bhuaicphointí éagsúla óna dhírbheathaisnéis a foilsíodh le déanaí, Surrender.

Thug Letterman, atá 75 bliain d’aois, cuairt freisin ar an banríon drag agus gníomhaí LGBTQ+ Panti Bliss mar chuid den seó, a dhíríonn ar dhaoine cáiliúla in Éirinn.

Roinn Panti pictiúr den bheirt le chéile agus dúirt sí nach ligeann sí d’aon duine isteach ina seomra feistis de ghnáth, ach rinne sí eisceacht i gcás David Letterman.

Ar an Máirt, thug Letterman cuairt ar Cavistons Food Emporium i nGlasthule, deisceart Bhaile Átha Cliath, áit a raibh sé le feiceáil ag caint le húinéir an tsiopa, Peter Caviston.

Letterman Panti 1168x747 1
Letterman le Panti Bliss

Chonacthas an láithreoir freisin ag ceannach cáise agus oisrí (oysters) sa siopa cáiliúil agus creidtear gur thug sé cuairt ar limistéar snámha Forty Foot i gCuas an Ghainimh (Sandycove).

Chuir Letterman seónna cainte teilifíse déanach san oíche i láthair ar feadh níos mó ná 33 bliain, ag tosú le Late Night With David Letterman ar NBC, agus cuireann sé a sheó Netflix i láthair anois, a raibh Barack Obama ina chuid aíonna roimhe seo.

Agus ar oíche Dé Luain, d’eisigh Netflix agallamh Letterman le huachtarán na hÚcráine Vlodymyr Zelensky, a taifeadadh i Kyiv i mí Dheireadh Fómhair. Chuir Letterman agallamh ar Zelensky i stáisiún meitreo faoin bpríomhchathair.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram