Imelda May, Glen Hansard agus Andrea Bocelli ar an Late Late Show anocht

16/12/2022

Beidh Imelda May agus an t-amhránaí opera Andrea Bocelli ar an Late Late Show anocht.

An tseachtain seo caite chuir Ryan Tubridy agallamh ar an bpodchraoltóir agus ‘influencer’ Vogue Williams, ar an bhfear grinn Mario Rosenstock agus ar fhoireann The Lion King sa West End, a thug léiriú speisialta.

In éineacht le Imelda beidh a chomhcheoltóir Glen Hansard chun labhairt faoin buscáil cáiliúil ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath le haghaidh an Simon Community.

Beidh an bheirt ag tabhairt an bhuscáil chuig lucht féachana níos leithne ar Christmas in Ireland with Imelda May and Friends ar Sky Arts.

Pléifidh Glen an chaoi a bhfuil athrú tagtha air, tar éis dó a bheith ina athair le blianta beaga anuas, agus labhróidh Imelda faoi theacht abhaile don Nollaig, tar éis turas gnóthach.

Imelda May 2
Imelda May. Pic: Eddie Otchere

Beidh Imelda agus Glen ag casadh dhá amhrán speisialta ar an gclár, lena n-áirítear an t-amhrán clasaiceach le The Pogues Fairytale of New York.

Gheobhaidh lucht leanúna an scannáin Once seans Glen a fheiceáil arís le Markéta Irglová le haghaidh léiriú dá n-amhrán a bhuaigh Oscar 15 bliana tar éis é a bheith eisithe.

Agus labhróidh an teanóir Iodálach Andrea, a bhfuil cáil dhomhanda air, agus a chlann Matteo agus Virginia faoi shaol an teaghlaigh agus faoi dhraíocht na Nollag.

D’éirigh Andrea dall ar aois 12 tar éis rith fola san inchinn (brain haemorrhage).

Tháinig an t-amhránaí, atá 64 bliain d’aois, clúiteach i 1994 nuair a bhuaigh sé Féile Ceoil Sanremo.

Tá os cionn 75 milliún taifead díolta aige ar fud an domhain ó shin.

Tá réalta TikTok agus láithreoir nua Blue Peter Joel M le feiceáil ar an seó freisin chun a ról nua a phlé agus roinnt draíocht a dhéanamh.

Craolfar The Late Late Show Dé hAoine ag 9.35pm ar RTÉ One agus ar an Seinnteoir RTÉ.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram