Brú ar theaghlaigh de réir mar a thagann ardú ar bhillí bia an Nollaig seo

Tá billí bia fós ag ardú don Nollaig le boilsciú (inflation) in ollmhargaí (supermarkets) ardaithe go dtí beagnach 15%.

Cosnaíonn an meánsiopadóireacht sheachtainiúil (weekly shopping) beagnach €20 níos mó, le 12 mhí anuas, ag ardú ó €135 go beagnach €155 i mbliana. Agus tá costas dinnéar na Nollag suas 8% freisin.

Ciallaíonn meascán de bhoilsciú agus caiteachas na Nollag gur cheart an mhí seo a bheith níos airde ná riamh maidir le díolacháin grósaeireachta, suas go dtí €1.25 billiún don chéad uair, a léiríonn anailísithe ollmhargadh Kantar.

Táthar ag tuar freisin gurb é Dé hAoine, 23 Nollaig an lá is gnóthaí do shiopadóireacht na Nollag.

grocery 2 768x448 2

Tá an meánbhille (average bill) bliantúil grósaeireachta iomlán ardaithe ó €7,037 go €8,071, sin €1,034 sa bhreis sa bhliain.

Dúirt Emer Healy, ó Kantar: ‘De réir mar a leanann praghsanna bia agus deochanna ag ardú in éineacht leis an mbrú ar bhillí  beidh an tionchar ar bhuiséid siopadóirí do go leor daoine.’

Ach in ainneoin brúnna boilscithe agus brúnna eile, tá siopadóirí Éireannacha fós ag ceannach bronntanais Nollag i mbliana. Tá €1.2 milliún breise caite ag daoine ar bhoscaí seacláide, €3.5 milliún sa bhreis ar shneaiceanna blasta, agus €617,000 ar pióga  mhionra, i gcomparáid le 2021.

Tá costas dinnéar traidisiúnta na Nollag do cheathrar imithe suas go dtí €41.58, méadú 7.9%.

Ach tá meath tagtha ar cheann de na glasraí is fearr le dinnéar na Nollag.

‘Tá siopadóirí ag caitheamh €189,000 níos lú ar sprouts na Bruiséile,’ a dúirt Ms Healy.

Is ‘imní shuntasach’ do theaghlaigh iad na praghsanna atá ag ardú go tapa, a dúirt Dermott Jewell ó Chomhlachas Tomhaltóirí na hÉireann (Consumers’ Association of Ireland).

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram