Cosc ar ‘private patients’ in ospidéil phoiblí faoi chonarthaí nua €250,000 do ‘consultants’

Íocfar suas le €250,000 le dochtúirí comhairleacha (consultants) as oibriú in ospidéil poiblí amháin, de réir tograí atá le cur faoi bhráid airí Rialtais inniu ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly.

Ciallaíonn an conradh nua Sláintecare, áfach, nach mbeidh cead ag na comhairleoirí cóireáil a chur ar fáil d’othair phríobháideacha in ospidéil phoiblí.

Is príomh-mholadh é  mar chuid de Sláintecare, cleachtas príobháideach a bhaint den chóras poiblí. Déantar é seo chun a chinntiú go gcuirtear cóir leighis ar othair ar bhonn riachtanas cliniciúil seachas ar a gcumas pá.

Donnelly Feature 768x448 1
Stephen Donnelly

Tuigtear gur féidir iarraidh ar na comhairleoirí níos mó uaireanta a oibriú sa tseirbhís phoiblí mar gheall ar na conarthaí nua – 37 uair sa tseachtain, agus gur féidir iarraidh orthu oibriú idir 8am agus 10pm Luan go hAoine agus freisin ar an Satharn.

Is é seo an chéad uair a bheidh comhairleoirí ag obair ar an Satharn, mar chuid den tseachtain oibre. Tá an tuarastal idir €209,915 agus €252,150 agus tá ciste oideachais agus nuálaíochta leighis leanúnach ar leith de €20,000 mar chuid den chonradh freisin.

Beidh comhairleoirí in ann cóireáil a chur ar othair phríobháideacha nó oibriú lasmuigh den tseirbhís phoiblí, ina gcuid ama féin. Beidh a gcumas oibriú go príobháideach faoi réir cead a fháil óna bhfostóir agus faoi réir tosaíochta a gconartha poiblí.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram