Tá an soláthar leictreachais le bheith sách teann (quite tight) as seo go ceann coicíse agus d’fhéadfaí Foláireamh Ómra (Amber Alert) faoi fhuinneamh a eisiúint, a dúirt an Tánaiste.
Dúirt Leo Varadkar go bhféadfadh sé seo tarlú mar gheall ar theocht íseal agus luas íseal gaoithe, rud a chuireann isteach ar sholáthar ó fhuinneamh gaoithe (wind energy).
Chiallódh Foláireamh Ómra go mb’fhéidir go gcaithfí an soláthar leictreachais a laghdú go luath amach anseo, ach nach mbeadh aon tionchar láithreach ar úsáideoirí fuinnimh.
Dúirt an tUasal Varadkar go raibh sé ag iarraidh a chinntiú do dhaoine nach gcuirfí isteach ar theaghlaigh dá dtarlódh sé sin, agus nach dócha go dtarlódh sé, go mbeidh ganntanas leictreachais ann.
Agus dúirt sé gurb iad na hionaid sonraí (data centres) an chéad ghrúpa a iarradh orthu a n-úsáid fuinnimh a laghdú i gcás Foláireamh Dearg.
Dúirt an tUasal Varadkar leis an Dáil, Déardaoin, go raibh Éire gar do Foláireamh Ómra a eisiúint le cúpla lá anuas.
Dúirt TD Chorcaí Thuaidh-Lár, Mick Barry, leis an Dáil, le linn Cheisteanna na gCeannairí, Déardaoin, nach raibh daoine aosta ina dháilcheantar ag casadh ar an teas le linn na fuachta.
‘Tá tuairiscí á bhfáil agam freisin ó dhaoine atá ag obair, ó theaghlaigh le páistí, a úsáideann ‘pay-as-you-go meters’ a dúirt sé.
‘Bhí an-imní orthu go n-úsáidfear a gcreidmheas leictreachais (electricity credit) €200 le linn na tréimhse fuara seo agus go bhfágfar iad i gcruachás thar na Nollag.
‘Cén fáth a leanann do Rialtas ar aghaidh ag eisiamh na dteaghlach seo ón moratóir dícheangail (disconnections moratorium)?’ d’fhiafraigh sé.
Liostaigh an tUasal Varadkar roinnt tionscnamh a bhí glactha ag an Rialtas i mBuiséad 2023 chun cabhrú le daoine a gcuid billí fuinnimh a íoc, lena n-áirítear méadú ar an liúntas breosla (fuel allowance).
Ag labhairt dó le tuairisceoirí i mBaile Átha Cliath, dúirt sé nach dócha go mbeidh ‘blackouts’ ann ach dá dtarlódh siad, nach iad teaghlaigh agus gnólachtaí beaga an chéad ghrúpa a n-iarrfaí orthu a n-úsáid fuinnimh a laghdú.
‘Tugann na réamh-mheastacháin le fios go mbeidh an dá sheachtain atá romhainn sách teann ó thaobh an tsoláthair leictreachais de, go mór mhór toisc go mbeidh an teocht an-íseal, agus nach mbeidh mórán gaoithe ann, agus mar sin ciallaíonn sé sin go d’fhéadfadh go mbeadh Foláirimh Ómra mar a thugaimid orthu ag tarlú sa choicís amach romhainn,’ a dúirt an Tánaiste.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.