Tá Kirstie Alley, an t-aisteoir a bhí taobh thiar den chráitéir uaillmhianach, agus uaireanta neamhthrócaireach, Rebecca Howe sa tsraith teilifíse Cheers tar éis bháis. Bhí sí 71.
Scríobh John Travolta, a d’oibrigh le Alley i 1989 ar Look Who’s Talking, chomh maith le dhá ‘sequels’, ar Instagram: ‘Bhí Kirstie ar cheann de na caidrimh is speisialta a bhí agam riamh. Is breá liom tú Kirstie. Tá a fhios agam go bhfeicfimid a chéile arís.’
Chuir sí áthas ar na milliúin lucht féachana, ar fud an domhain, agus bhuaigh sí Gradam Emmy agus Golden Globe, mar Rebecca sa seó a bhí ar siúl ar feadh 11 séasúr sna 1980í agus 1990idí.
Ní raibh mórán aithne uirthi roimh an tsraith, ach tar éis tamaill bhí a hainm ar eolas ag gach duine.
Tháinig sí in ionad Shelley Long sa tsraith i 1987, nuair a bhí an-tóir ar, agus d’fhan sí tríd an séasúr deiridh.
Ailse ba chúis lena bás, de réir ráitis óna teaghlach ar Twitter.
Nuair a ghlac sí an ról, tar éis Long, bean a bhí an lucht leanúna i ngrá léi, thóg sé tamall ar dhaoine glacadh léi.
Uaireanta, bhí an chuma ar an scéal go raibh Rebecca, a bhí i gceannas ar an mbarra sa seó, ina praiseach gan trua. Ach d’athraigh a carachtar de réir a chéile ó bheith ina bainisteoir ar son ceannairí corparáideach go ball den ‘gang’.
De réir ráiteas oifigiúil ar na meáin shóisialta bhí sí mar ‘máthair dochreidte, fíochmhar agus grámhar.
‘Chomh íocónach agus a bhí sí ar an scáileán, bhí sí ina máthair agus ina seanmháthair níos iontaí fós.
“Bhí sceitimíní agus paisean ag ár máthar don saol, a leanaí, a garpháistí agus a cuid ainmhithe iomadúla, gan trácht ar an áthas a bhí aici sa chruthú. Bhí sí gan sárú agus d’fhág sí muid spreagtha chun an saol a chaitheamh ar an iomlán mar a rinne sí,” a dúirt an ráiteas.
Bhí na baill dá teaghlach is gaire di léi nuair a fuair sí bás.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.